Saol agus Saothar Derry O’Sullivan, an file Gaeilge

Jenna Goulding

Fuair an file Gaeilge Derry O’Sullivan bás an tseachtain seo i bPáras, agus 81 bliain d’aois curtha de aige.

Ba as Beanntraí i gCorcaigh é agus rugadh é i 1944 i dteaghlach ina raibh Béarla á labhairt. D’fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus rinne sé staidéar ar Laidin, an Gréigis, agus Fealsúnacht. Fuair sé spreagadh ar leith ina staidéar ar an nGaeilge ón scoláire agus file Seán Ó Tuama.

Fuair O’Sullivan oiliúint sagairt tar éis na hollscoile agus oirníodh é i 1969. Bhí sé ina chónaí i bPáras ag an am. D’fhág sé na sagairt go gearr ina dhiaidh sin.

Bhuail O’Sullivan lena bhean chéile, Jean, ag cóisir Bloomsday ar bhruach na Seine in 1982. Deirtear gurbh í Jean an fórsa cruthaitheach taobh thiar dá chéad chnuasach filíochta Cá bhfuil do Iúdás? atá i leabharlanna Gaeilge ollscoile ar fud an domhain.

D’fhoilsigh O’Sullivan trí leabhar filíochta Gaeilge: Cá bhfuil do Iúdás? (1987); Cá bhfuil Tiarna Talún l’Univers? (1994); agus An bhfuil cead agam dul amach, más é do thoil é? (2009). Ina theannta sin, chum sé an dán An Lá go dTáinig Siad (2005). Is dán fada é faoi theacht na Naitsithe go Páras in 1940.

D’fhoilsigh O’Sullivan cnuasach dánta i bhFraincis En Mal de Fleurs (1988). D’aistrigh sé go Fraincis an dán ón 10ú céad An Chailleach Bhéarra i gcomhar le Jean-Yves Bériou agus Martine Joulia. Ba é seo an chéad aistriúchán díreach ar an dán.

Theagasc sé Béarla sa Sorbonne, san Institut Catholique de Paris agus san Institut Supérieur d’Electronique de Paris. Ba scrúdaitheoir sinsearach de chuid an Baccalauréat Idirnáisiúnta chomh maith é. Bhí sé rannpháirteach i dtionscadail éagsúla sa Fhrainc. Chabhraigh sé Festival Franco-Anglais de Poésie a bhunú.

Fuair a bhean chéile Jean bás roimhe in 2017. Maireann a mhac Dekin agus a iníonacha Isolde agus Derval.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.