Cíosanna arda ag ruaigeadh na mac léinn thar lear

Domhnall Mac Concharraige

Dár le Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) beidh ar mhic léinn smaoineamh faoi chúrsaí thar lear seachas cúrsaí in Éirinn de bharr cíosanna arda. Dúirt Bryan O’Mahoney uachtarán AMLÉ, go bhfuil neart roghanna san Eoraip, áit ina bhfuil lóistín agus táillí ollscoile i bhfad níos saoire. Dúirt sé chomh maith go bhfuil sé thar a bheith costasach freastal ar an ollscoil sa tír seo agus go bhfuilimid i measc na dtíortha is costasaí.

Tá an t-am den bhliain ann le filleadh ar an ollscoil ag teannadh linn agus de ghnáth bíonn fuadar mór i measc na mac léinn lóistín a fháil don chéad scoilbhliain eile. Is am strusmhar é gan trácht ar na costais. Tá sé ráite ag aontais na mac léinn go bhfuil cíos an-ard go deo i mbliana, idir €800 agus €1,200 in aghaidh na míosa ag brath ar an áit.

Tá go leor deachrachtaí ag na mic léinn i mbliana dár le O’Mahoney, mar shampla, iomaíocht le AirBnB, costas maireachtála, agus ganntanas lóistín. Anuas ar na fadbhanna seo tá níos mó mac léinn ag freastal ar an ollscoil ná riamh agus cruthaíonn sé seo níos mó iomaíochta eatharthu lóistín a fháil. Dúirt sé nuair a d’fhreastail sé féin ar an ollscoil bhí daoine ag fáil teach ar chíos ar €200 in aghaidh na míosa. Bheadh an t-ádh dearg ort lóistín a fháil anois ar €200 in aghaidh na seachtaine.

Dár leis, cruthaíonn sé seo níos mó fadbhanna ná mar a cheapfá, mar shampla tá na mic léinn ag obair go lán-aimseartha anois díreach chun na costais a chlúdach agus tá siad ag cailleadh amach ar ranganna dá bharr. Tá cabhair le fáil ón deontas SUSI ach ní chlúdaíonn sé costais lóistín. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.