Uachtarán nua gan Ghaeilge ceaptha ar Ollscoil na Gaillimhe

Jenna Goulding

An tOllamh David J. Burn, Uachtarán nua ar Ollscoil na Gaillimhe

D’fhógair Ollscoil na Gaillimhe uachtarán nua níos luaithe an mhí seo. Is é an tOllamh David J. Burn an 14ú huachtarán atá á cheapadh ar an Ollscoil.

Tá an tOllamh Burn ina Leas-Seansailéir Feidhmeach ar Dhámh na nEolaíochtaí Leighis, Ollscoil Newcastle ó 2017 i leith. Tá a théarma le tosú i mí Mheán Fómhair 2025.

Dúirt Burn go bhfuil nasc láidir pearsanta aige le hÉirinn le breis agus 35 bliain agus go bhfuil seantaithí aige ar a hoidhreacht shabhair agus a cultúr bríomhar.

Tá an t-uachtarán nua seo ina chúis chonspóide mar níl Gaeilge aige. Is é an chéad uachtarán gan Ghaeilge a ceapadh san aon ollscoil dhátheangach sa tír den chéad uair ó bunaíodh an stát.

Chuir an rialtas deireadh leis an oibleagáid reachtúil in 2017, a bhí ann ó 1926, go gcaithfidh sealbhóir oifige a bheith líofa agus inniúil chun a ndualgais a chomhlíonadh i nGaeilge.

Tá cruinniú práinneach iarrtha ag urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, le húdarás Ollscoil na Gaillimhe le stádas na Gaeilge san ollscoil a phlé.

Dúirt Ó Snodaigh “as na 19 n-institiúid ardoideachais sa stát, ní raibh ach coinníoll Gaeilge ag baint ach le ceann amháin acu. Agus é sin anois bainte, ní mór féachaint ar conas a shainmhíniú i gceart cad is ollscoil dhátheangach ann.”

Tá cáineadh déanta ar cheapadh an uachtaráin nua seo ag Conradh na Gaeilge freisin. Dúirt Conradh na Gaeilge, “Ba chóir don uachtarán nua gealltanas a thabhairt go bhfoghlaimeoidh sé Gaeilge, ionas gur féidir le pobal uile na hollscoile, go háirithe iad siúd ar na campais Ghaeltachta, cumarsáid a dhéanamh leis i nGaeilge.”

Tiocfaidh Burn i gcomharbacht ar an Ollamh Peter McHugh, a raibh an post aige ar bhonn eatramhach ar feadh beagnach bliain. Bhí an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh ina huachtarán ar an ollscoil ó 2018.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.