Le déanaí labhair Sinéad Ní Shiacais faoin ‘imirt diostóipeach’ uirthi ar an 9 Lúnasa i Londain nuair a ghabh póilíní i féin agus 520 eile de bharr go raibh tacaíochta a fógairt acu do Ghníomhaireacht na Palaistíne. Scaoileadh í as stáisiún na bpóilíní in Kentish Town ar 3 am.
Cé nár mharaigh gníomhaithe Ghníomhaireacht na Palaistíne duine ar bith agus nár scaoil siad urchar agus nár phléasc buama, chláraigh rialtas na Ríochta Aontaithe iad mar ghrúpa toirmiscthe faoin Acht Sceimhlitheorachta (2000) i mí Iúil. Dá bharr sin is gníomh coiriúl é tacaíocht a léiriú dóibh go poiblí. Mar sin féin tá dlúthpháirtíocht le Gníomhaíocht na Palaistíne á cur in iúl ar son cearta sibhialta sa Ríocht Aontaithe agus d’fhonn dlúthpháirtíocht a léiriú le muintir na Palaistíne féin freisin.
D’eisigh Rúnaí Baile na Ríochta Aontaithe Yvette Cooper ráiteas ag cosaint thoirmeasc Ghníomhaireacht na Palaistíne mar dhream sceimhlitheora. Níl, áfach, ach tagairt amháin ina ráiteas d’eachtra foréigin atá curtha i leith na heagraíochta, agus tá sin mar chuid de chás cúirte amach anseo. Is deacair a chreidiúint go bhfuil aon chúis ann leis an toirmeasc, seachas éifeacht na heagraíochta ag déanamh dochair do chomhlachtaí a bhfuil baint acu le cinedhíothú na bPalaistíneach, go háirithe Elbit Systems.