Tine chnámh phoblachtach le dul ar aghaidh i nDoire

Domhnall Mac Concharraige

Le cúpla seachtain anuas táthar ag cáineadh ar dhá thaobh na bearna polaitúla plean tine chnámh a lasadh i gCathair Dhoire. Deir polaiteoirí náisiúnacha sa chathair gur seicteachas amach is amach atá ann agus go bhfuil sé thar am deireadh a chur lena leithéid. Ach tá ráiteas ar na meáin shóisíalta ó choiste atá ag eagrú na tine ag rá nach bagairt í an tine chnámh, ach gur teachtaireacht í do cheannairí, go háirithe Sinn Féin. Cuirtear i leith Shinn Féin go bhfuil an pobal dearmadta acu agus go mbíonn siad i gcónaí ag tabhairt léacht do na daoine óga i dTaobh an Bhogaidh i nDoire.

“Ní tine chnámh de chuid easaontóirí poblachtacha í seo, is iad na na fíoreasaontóirí an mhuintir a thréig a bpobal ar son a ngairmeacha beatha. Is leis an phobal an tine chnámh seo, ní an stát, ní an chomhairle, agus ní Sinn Féin. Is spás é d’aos óg Thaobh an Bhogaigh ar féidir leo úinéireacht a ghlacadh air, inar féidir leo a bheith bródúil as a bhféiniúlacht”. Leanann an ráiteas ar aghaidh, “Seasann an tine seo ar son Dhoire Saor, seasann sé ar son aos óg an lucht oibre, agus pobal a atá dearmadta”.

Go traidisiúnta lastar tinte cnámh i pobail náisiúnacha ar an 15 Lúnasa chun déastógáil Mhuire a chéiliúradh, ach tar éis 1971 sna sé chontae tosaíodh á lasadh chun cuimhniú ar imthreorannú, nuair a gabhadh níos mó ná 3,000 duine ó phobail náisiúnacha ar fud na sé chontae. De ghnáth lastar bratacha de chuid Óglaigh Uladh agus bratach na Ríochta Aontaithe, mar sin bíonn sé conspóideach do neart daoine, ach is léir go bhfuil roinnt tacaíochta do na tinte cnámh i bpobail áirithe. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.