Cinedhíothú is ea cinedhíothú

A Eagarthóir, a chara,

Táim ag scríobh chugat faoin difríocht ollmhór idir an méid a tharla in Amstardam le gairid agus na tuairiscí míchruinne a tháinig chun solais ina dhiaidh sin. 

Agus iad ag dul tríd Amstardam, bhí Ultras de chuid Maccabi Tel Aviv ag iarraidh bratacha Palaistíneacha a bhaint anuas, tiománaí tacsaí de chuid Mharacó a ionsaí gan chúis agus amhráin chiníocha a chanadh. 

Bhí an-chnuasach amhrán fríth-Phalaistíneach ag na Ultras an oíche sin, agus iad ag béiceadh “nach bhfuil scoil ar bith fágtha oscailte i nGasá mar nach bhfuil aon pháistí fágtha ansin”. Bhí an slua ag canadh “maraigh na hArabaigh” freisin, ag léiriú ciníochas uafásach go hoscailte gan aon náire. 

Bíonn sé de nós ag na hUltras amhrán faoin éigniú a chanadh freisin, le liricí uafásacha ar nós “tógfaimid bhur gcailíní le grá do chóisirí agus nuair a éigneoimid iad beimidne ag béiceadh”. Léiriú uafásach atá ann ar mheon na nIosraelach, agus ar an gcaoi a mbíonn siad lánsásta coireanna in aghaidh na daonnachta a dhéanamh agus a cheiliúradh.

Ina ainneoin sin ar fad, tá ceannairí na hEorpa ag iarraidh trua agus tacaíocht a mhúscailt do na Ultras ar fad, á rá go raibh an scliúchas ina “pogram” agus ag déanamh neamhaird ar gach rud a rinne na Ultras agus iad á ngríosú chun troda. 

Rinne Sky News féinchinsireacht ar thuairisc inar léiríodh na rudaí a rinne na hUltras an oíche sin, agus rinne an nuachtán BILD iarracht an oíche a léiriú mar “pogram” gan chúis. Tá an difríocht idir na tuairiscí sna meáin “thraidisiúnta” agus na físeáin ar líne mhillteanach, ar difríocht í a chuireann leis an amhras agus mímhuinín ar na meáin ar fud na cruinne.

Mar shochaí shibhialta, ba chóir dúinn a léiriú nach bhfuil spás ar bith do chiníochas, gnéasachas, nó ioslamafóibe ar na sráide – beag beann ar cén creideamh atá taobh thiar de. Caithfear breathnú ar an éileamh ó ‘Irish Sport for Palestine’ chun Iosrael a dhíbirt amach as UEFA, agus ba chóir go mbeadh baghcat ar an gcluiche idir Iosrael agus an Fhrainc ar an 14ú lá de mhí na Samhna. 

Seasaimis go daingean in aghaidh an chiníochais agus an chinedhíothaithe náirigh ag tarlú gan stad gan staonadh sa Phalaistín! 

Mise le meas,

Ciarán Mac Aodha Bhuí
Regensburg,
An Ghearmáin