Cad é an drogall atá ar Fhianna Fáil roimh iarrthóir uachtaránachta a ainmniú? Nó an é an cheist is cirte a chur cad é an drogall atá ar Mhicheál Martin roimh chead a chinn a thabhairt dá pháirtí agus ligean dá chomhaltaí iarrthóir a ainmniú?
Is fear an-uaillmhianach é an Mairtíneach céanna agus níl amhras ar bith orm, mura raibh sé ina thaoiseach faoi láthair go mbeadh sé féin ina iarrthóir uachtaránachta an t-am seo agus a fheachtas seolta aige i bhfad roimhe seo.
Ní féidir le haon duine a bheith ina thaoiseach agus ina uachtarán ag an am céanna, ach ní hé sin le rá nach bhfuil ár dtaoiseach reatha ag smaoineamh cheana féin ar a fheachtas uachtaránachta sa bhliain 2032. Ach má thoghtar Fianna Fáileach in 2025, Éamon Ó Cuív, cuir i gcás, tá gach cosúlacht ar go mbeidh an Fianna Fáileach sin ina Uachtarán ar feadh dhá théarma, 14 bliana, suas go dtí 2039. Agus má tharlaíonn sé sin, ní bheidh an Mairtíneach in ann seasamh in 2032.
Ní dóigh liom go bhfuil Martin sásta fanacht go dtí 2039, nuair is dóiche go mbeidh dearmad déanta ag an bpobal air. Má tharlaíonn sé sin, ní bheidh deis aige aithris a dhéanamh ar éacht Éamon de Valera; an t-aon cheannaire d’Fhianna Fáil a bhí ina thaoiseach agus ina uachtarán ina dhiadh. Ní bheidh deis aige an ceann is fearr a fháil ar Sheán Lemass, Jack Lynch, Charlie Haughey, Albert Reynolds, Bertie Ahern agus Brian Cowen.
Níl amhras dá laghad orm go bhfuil súil Martin ar Pháirc an Fhíonnuisce in 2032, agus gach seans gur sin an fáth nach bhfuil fonn ar bith air aon ainmniúchán ó Fhianna Fáil a bheith mar sa chomórtas in 2025. I bhfad níos fearr dá mbeadh duine eile, seachas aon duine de chúlra Fhianna Fáil, suite in Áras an Uachtaráin in 2032.
Tá sé dochreidte nach bhfuil Fianna Fáil, an páirtí is mó in Éirinn, agus an páirtí a raibh baint acu le seisear as naoi n-uachtarán roimhe seo, sásta iarrthóir a ainmniú don deichiú uachtaránacht. Táimid ag fanacht leis an leithscéal a leagfar faoi bhráid an phobail mar mhíniú dúinn ar cén fáth nach bhfuil sé oiriúnach don pháirtí iarrthóir a ainmniú don chomórtas. Níl aon amhras ach go mbeidh sé gan dealramh, ach ní rud nua é sin i saol polaitiúil na hÉireann.