Tuairiscítear go bhfuil sé i gceist ag Greta Thurnberg agus pearsaí eile seoladh go Gaza arís chun an léigéar mídhleathach a bhriseadh. Chuir Iosrael stop ar dhá iarracht eile seo i Meitheamh agus Iúil i mbliana. Chuaigh saighdiúirí ar bord, ceistíodh na gníomhaithe agus díbríodh ón tír mar gheall ar a n-iarrachtaí cúnamh bia a thabhairt go muintir Gaza.
D’fhógair Thurnberg an plean ar Instagram, ag rá “Ar an 31 de Lúnasa táimid ag seoladh na hiarracht is mó riamh an léigear mídhleathach ar Gaza a bhriseadh le dosaen long ag seoladh ón Spáinn”. Lean sí ar aghaidh, “Buailfimid le dosaen eile ar an 4 Méan Fómhair ón Túinéis agus calafoirt eile.”
Beidh gníomhaithe ó níos mó ná 40 tír ag glacadh páirte. Tuigtear go mbeidh léirsithe ar siúil ag an am céanna agus go mbeidh pearsaí aitheanta ar nós Liam Cunningham agus Gustaf Skarsgard páirteach. Ní léir cé mhéad long a bheidh mar chuid den chabhlachán agus is léir go bhfuil sé i gceist ag na gníomhaithe iarracht a dhéanamh agus cúrsaí ar an talamh ag dul in olcas. Tá sé fógartha ag Roinn Sláinte Gaza go bhfuil líon na mbásanna tar éis dul níos airde ná 60,000 duine, ach creidtear go bhfuil an figiúr sin i bhfad níos airde toisc nach bhfuil siad in ann coirp a bhailiú go sábhailte sa smionagar.