Cruthaíonn an teannas reatha ar fud an domhain nach iarsma den Chogadh Fuar é an t-iomadú núicléach ach contúirt shoiléir atá ag dul i méad 80 bliain i ndiaidh gur leag na Stáit Aontaithe buama ar Hiroshima sa tSeapáin in 1945.
B’in an teachtaireacht a tugadh ag comóradh na buamála i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.
Fuair timpeall 140,000 duine bás sa bhuamáil, agus 70,000 eile sa bhuamáil ar Nagasaki cúpla lá ina dhiaidh.
Deir Meiriceá go raibh sé riachtanach na buamaí seo a leagan ar mhaithe le deireadh a chur leis an gcogadh in aghaidh na Seapáine, ach creideann a lán staraithe go raibh buaite ar an tSeapáin cheana agus go ndearnadh an t-uafás ar mhaithe le himeaglú a dhéanamh ar an Aontas Sóivéadach ag tús an Chogaidh Fhuair i ndiaidh an chogaidh in aghaidh na Gearmáine agus na Seapáine.
Dúirt an Dr David Hutchinson-Edgar, cathaoirleach Fheachtas na hÉireann um Dhí-armáil Núicléach (CND), a d’eagraigh an comóradh, gur “ócáid ghruama gach bliain” a bhí ann.
“Sílim go bhfuil fianaise na ndaoine a fuair bás i bhfad níos soiléire i mbliana i bhfianaise a bhfuil ar siúl ar fud an domhain inniu, le fulaingt leanaí agus sibhialtaigh neamhchiontacha in Gaza, sa tSúdáin, agus i gcodanna eile den domhan,” a dúirt sé.
Dúirt Adi Roche, a bhi ina príomhchainteoir ag an ócáid, go bhfeiceann sí an chaoi a bhfuil tagairt don uafás núicléach ag cailleadh a nirt i gcaint daoine, “Tá tagairt éasca dó ag dul i bhfeidhm ar theanga cheannairí an domhain inniu. Ní mór dúinn deireadh a chur leis sin agus ní mór dúinn machnamh a dhéanamh ar an áit a bhfuil sé ár dtreorú.”
Ag an am céanna, in Hiroshima féin, dúirt méara na cathrach sin, Kazumi Matsui, go bhfuil baol ann go nglacfadh ceannairí leis gur féidir airm núicléacha a úsáid arís. Thagair sé don chaoi a bhfuil ceannairí ag caint faoina leitheid i gcomhthéacs chogadh na hÚcráine agus coimhlintí sa Mheánoirthear, ina measc an t-ionsaí ar an Iaráin.
“Níl aon aird á tabhairt ar na ceachtanna ba chóir a bheith foghlamtha ó thragóidí na staire,” a dúirt sé. “Táthar ag bagairt go gcuirfear deireadh leis na creatlacha síochána a bhfuil an oiread sin daoine tar éis obair chomh dian sin a dhéanamh chun iad a thógáil.”
D’áitigh sé ar na glúine níos óige a aithint go bhféadfadh iarmhairtí “go hiomlán mídhaonna” a bheith mar thoradh ar “bheartais mhíthreoracha” den sórt sin dá dtodhchaí.