Béal Feirste ag cur fáilte roimh chách don 11ú féile Liú Lúnasa

Beidh an 11ú Liú Lúnasa ar siúl i mBéal Feirste i mbliana, ag tabhairt beatha agus fuinnimh don chathair le seachtain iomlán de cheol, ealaín, spraoi agus imeachtaí pobail.

Ó sheisiúin cheoil go ceardlanna ealaíne, ó shiúlóidí sléibhe go hócáidí teaghlaigh, tugann an fhéile seo ardán d’fhuinneamh cruthaitheach na Gaeltachta uirbí agus cuireann sí fáilte roimh chách, idir mhuintir na háite agus chuairteoirí ó gach cearn den tír.

Seolfar Liú Lúnasa 2025 go hoifigiúil Dé hAoine an 15 Lúnasa ag 2.30 pm i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, croílár na féile agus lárionad cultúir na Gaeilge i mBéal Feirste. Beidh an seoladh á mhaisiú ag Seolta Geala, grúpa páistí áitiúla atá ag ullmhú d’Oireachtas na Samhna agus a thabharfaidh blaiseadh dá gcuid amhránaíochta. Níos déanaí an oíche sin, beidh oíche ilsiamsa aiteach san amharclann le hArd-Bhansagart Mrs Ó, le rannpháirtíocht ó aíonna speisialta ar nós an rapálaí Fheirstigh aitigh Torby agus Mumbro Top le gearrdhráma nua.

Ar an 16 Lúnasa, cuirfear tús leis an lá le seisiún ióga le Dunla i ngairdín an phobail, agus ina dhiaidh sin beidh Seisiún na bPáistí sa dánlann le hIonad na bhFuiseog, agus san oíche beidh Céilí ar son Gaza i gClub Babhlála na bhFall le Lynette Faye. Beidh siúlóid threoraithe ar an tSliabh Dhubh le Ciarán Mac Giolla Bhéin maidin an 17 Lúnasa.

Ón 18 go dtí an 22 Lúnasa, cuirfear dianchúrsa Gaeilge ar siúl gach lá ó 10 am go 3 pm. Oíche an 18 Lúnasa, beidh Péint, Cúpla Focal agus Ól, agus an lá dár gcionn beidh ceardlann ealaíne le Ann Marie Savage. Beidh Suí agus Scíth ar siúl do thuismitheoirí a bhuil páistí óga acu maidin an 20 Lúnasa. Déardaoin an 21 Lúnasa beidh oíche airneáil ann in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí i dTigh Uí Mhadáin.

Ar an 22 Lúnasa beidh pléphainéal ann le triúr gníomhaithe teanga faoi stiúir Eimear Nic Ionnrachtaigh, agus beidh an Slam Filíochta ar siúl le Sinéad Ní Uallacháin mar bhean an tí agus duaischiste £900 le fáil Ina dhiaidh sin, beidh Glór na Cathrach i Stiúideo Rúnda le ceoltóirí agus ealaíontóirí éagsúla.

Cuirfear clabhsúr spleodrach leis an fhéile ar an 23 Lúnasa le Lá Teaghlaigh i nGael-Ionad Mhic Ghoill, Seisiún na mBan sa Chultúrlann, Malartú Éadaí le Switch i Raidió Fáilte, agus Ceolchoirm Liú Lúnasa le Grooveline, CAOIMHÍN, Amano agus Torby mar MC.

Is féile oscailte, shiamsúil agus phobail í Liú Lúnasa, ag cur chultúr na Gaeilge i lár an stáitse i gcroílár Bhéal Feirste. Tá ticéid agus tuilleadh eolais ar fáil ar www.culturlann.ie.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.