Léiríonn Caoimhín Ó Cadhla gur mhair seancreideamh na gCeilteach trí na piseogaí agus na traidisiúin bhéaloidis.
Bhí na Ceiltigh lonnaithe ó Éirinn go dtí an Tuirc níos mó ná dhá mhíle bliain ó shin. Scríobh údair Ghréagacha agus Rómhánacha fúthu. I measc na dtuairiscí a scríobh na húdair sin, scríobh siad faoi na cleachtais chreidimh a bhí acu. Mar is eol dúinn, níl na Ceiltigh fágtha anois ach sna tíortha Ceilteacha, ina measc Éire dar ndóigh, Albain, Oileán Mhanainn, an Bhreatain Bheag, Corn na Breataine agus an Bhriotáin. De réir seanchais, tháinig Naomh Pádraig in 432 agus d’athraigh gach duine in Éirinn a chreideamh ó chreideamh na gCeilteach go dtí an Chríostaíocht, agus tharla an rud céanna in Albain i gcás Naomh Colmcille.