Tá cainteanna comhshaoil ar siúl ag na Náisiúin Aontaithe sa Ghinéiv faoi láthair. Tá 180 tír ag glacadh páirte agus is é an sprioc atá acu teacht ar chonradh idirnáisiúnta i gcoinne truailliú plaisteach. Tá 600 eagraíocht neamhrialtasach páirteach san idirbheartaíocht freisin agus deir gach páirtí atá i láthair gur contúirt mhór ár linne é truailliú plaisteach.
Thosaigh an idirbheartaíocht trí bliana ó shin in 2022 ach cuireadh moill uirthi mar gheall ar thíortha a bhraitheann ar ola. Tá taidhleoir ón Eacuadór, Luis Vayes Valdivieso, i gceannas ar an idirbheartaíocht agus dúirt sé gur ceist phráinneach é seo. “Tá géarchéim dhomhanda os ár gcomhair amach,” a dúirt sé agus é ag cur tús leis an idirbheartaíocht. Dúirt sé freisin go bhfuil truailliú plaisteach ag déanamh dámaiste d’éiceachórais ar fud an domhain ar fad, ag trualliú aibhneacha agus farraigí. “Tá an fhianaise ann, agus tá an dualgas orainne ar fad,” a dúirt sé.