Cúrsa nua oiliúna iriseoireachta TG4 á reáchtáil i gConamara

Tá cúrsa nua nuálach oiliúna iriseoireachta á reáchtáil faoi láthair i gConamara, le TG4 agus Gréasán na Meán Skillnet ag obair i gcomhar lena chéile chun an chéad ghlúin eile d’iriseoirí Gaeilge a thabhairt chun cinn. Tá 17 rannpháirtí as gach cúinne d’Éirinn páirteach sa chúrsa, ar cuireadh tús leis Dé Luain an 23 Meitheamh.

Is clár praiticiúil coicíse é seo, a dearadh le scileanna iriseoireachta a fhorbairt do na meáin dhigiteacha agus teilifíse trí mheán na Gaeilge. Tugtar oiliúint dhírithe ar réimsí ar nós bailiú nuachta, scríbhneoireacht, tuairisciú iniúchta, scéalaíocht dhigiteach, na meáin shóisialta, agus dlí na meán.

Áirítear le hábhar an chúrsa freisin oiliúint i réimsí cosúil le podchraoltaí, iriseoireacht mhóibíleach (MOJO), scileanna gutha agus cur i láthair, cibearshlándáil d’iriseoirí, agus scríbhneoireacht nuachta i nGaeilge.

Tá Grett O’Connor, iar-iriseoir le Nuacht TG4 agus bunaitheoir My Media, i mbun stiúrtha ar an gcúrsa. Tá sí ag obair le foireann sainteagascóirí a bhfuil taithí fhairsing acu, lena n-áirítear: Mark Egan (BBC/Al Jazeera); Harry McGee (The Irish Times); Gráinne Ní Aodha (PA Media); Kevin Magee (Iriseoir Iniúchta, TG4 agus BBC NI); Glen Mulcahy (saineolaí iriseoireachta móibílí); Eimear Ní Chonaola (Nuacht TG4); Máire T. Ní Mhadaoin (Nuacht TG4); Caroline Ní Nia (speisialtóir teanga); Norita Ní Chartúir (iriseoir craolacháin agus teagascóir in Ollscoil na Gaillimhe); Sarah Kieran (dlíodóir meán); Brian Honan (saineolaí cibearshlándála); Aideen Finnegan (léiritheoir podchraoltaí, The Irish Times) agus Katelyn Hayes (Nuacht Cúla4).

Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, go bhfuil siad “tiomanta do scileanna iriseoireachta Gaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt ar mhaithe leis an gcéad ghlúin eile d’iriseoirí Gaeilge a chothú. Cuireann an cúrsa seo oiliúint chuimsitheach phraiticiúil ar fáil a fhreagraíonn d’fhíor-riachtanais sheomraí nuachta na linne ó shainchleachtóirí nuachta ar fud disciplíní éagsúla. Táimid ag súil go mór le forbairt na hiriseoireachta a eascróidh ó chúrsa na bliana seo a fheiceáil.”

Ag labhairt di ag tús an chúrsa, dúirt an cóitseálaí meán agus vumarsáide Grett O’Connor, “Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine óga atá ag iarraidh a bheith ina n-iriseoirí Gaeilge a ullmhú do thírdhreach il-ardáin na meán sa lá atá inniu ann, agus déanaimid é sin ar bhealach an-phraiticiúil, rannpháirteach.

“Tá saineolaithe ó gach réimse iriseoireachta ag teacht go Conamara chun a gcuid eolais agus taithí a roinnt le rannpháirtithe an chúrsa. Beidh cleachtaí praiticiúla i mbailiú nuachta, scríbhneoireacht agus scéalaíocht le pictiúir ina gcuid lárnach den chúrsa.

“Ní chuireann sé aon iontas orm go bhfuil sé glactha orthu féin ag TG4 an cúrsa seo a reáchtáil i gcomhar le Gréasán na Meán Skillnet. Bhí TG4 nuálach agus solúbtha riamh ina chur chuige, agus is sampla iontach eile de sin an cúrsa seo. Táim ag baint an-taitneamh as an deis oibriú leis an gcéad ghlúin eile d’iriseoirí Gaeilge, agus táim ag tnúth lena ngairmeacha beatha a fheiceáil faoi bhláth sna blianta amach romhainn.”

Dúirt Maria Griffin ó Ghréasán na Meán Skillnet, “Tá ríméad orainn a bheith ag comhoibriú le TG4 ar an gclár nuálach oiliúna iriseoireachta seo. Tá forbairt scileanna sna meáin Ghaeilge lárnach inár misean, agus tugann an cúrsa seo deis ar leith do na rannpháirtithe a bheith ag foghlaim na ceirde ó roinnt de na daoine is fearr sa tionscal.

“Léiríonn an t-éileamh mór atá ar áiteanna ar an gcúrsa seo go bhfuil fonn ar iriseoirí atá ag teacht chun cinn scéalta a insint trí Ghaeilge ar an iliomad ardán. Is cúis bhróid dúinn tacú leis an tionscnamh tábhachtach seo a neartóidh todhchaí na hiriseoireachta Gaeilge.”

Is iad, Aoife Ní Bhraoin, Chloe Nic Donnacha, Cóilín Ó Dubhthaigh, Conor Brummell, Conor Ó Domhnaill, David Ó Céilleachair, Dalian Roche, Fiona Ní Fhláithearta, Hannah Ní Dhomhnaill, Isibéal Ní Cheallaigh, Kate Scott, Kathryn Ní Mhaoláin, Leah Ní Bhuachalla, Lonán Fiach Ó Lorgnáin, Michael Joseph Mac Pháidín, Muireann Corkery, agus Ríona Ní Éilí atá ag glacadh páirt sa cúrsa.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.