Is deartháireacha iad Le Boom, Christy agus Andy, as an Uaimh. Tá cáil orthu as a gcuid ceoil damhsa ardfhuinnimh agus réabhanna rúnda.

Tá Le Boom ag treochtáil ar TikTok ó eisíodh Hot Gael Summer. San agallamh seo, thug siad léargas ar a gcúlra leis an nGaeilge agus tuilleadh sonraí faoina ngig le déanaí ag Féile na Gealaí agus Hot Gael Summer.
“Ní raibh mórán smaoinimh taobh thiar de i ndáiríre,” arsa Christy le ‘An Páipéar’. “Bhí muid ag obair ar an seit nua Gaeilge agus chuir mé 15 shoicind de cheann de na hamhráin ar TikTok agus thosaigh sé ag scaipeadh go mear. Scríobh mé ‘Hot Gael Summer’ mar fhotheideal agus d’uaslódáil mé gan smaoineamh ar bith agus rith gach uile dhuine leis.
“Is am an-speisialta é seo faoi láthair dúinne. Ní raibh tuairim againn go mbeadh an oiread sin ratha ar an ngearrthóg don amhrán ar TikTok. Ní raibh a fhios againn go mbeadh an oiread éilimh ar rudaí i nGaeilge agus tá sé go hálainn go bhfuil an deis againn anois tuilleadh rudaí Gaelach a scríobh agus cóisirí agus réabhanna Gaelacha a chur ar siúl. Seo é an buaicphointe ár slí bheatha.”