Litir Oscailte
Litir dirithe ar TDanna, an Taoiseach agus an Tánaiste ina measc.
A Chairde,
Mar ionadaithe poiblí ar mo shon, tá ríomhphostanna scríofa agam chugaibh maidir le cinedhíothú sa Phalaistín arís is arís eile ach ní bhfuair mé oiread is freagra amháin uaibh. Cé chomh fada is gur chóir do dhuine fanacht le freagra a fháil ó ionadaí poiblí i gcóras daonlathach? An é go gcreideann sibh go n-imeoidh an cinedhíothú má dhéanann sibh neamhaird de?
Ar a laghad, admhaíonn sibh anois go bhfuil cinedhíothú ag tarlú sa Phalaistín i láthair na huaire ach tá sé thar am beart a dhéanamh de réir bhur mbriathra. Más rud é go n-admhaíonn sibh go bhfuil cinedhíothú ag tarlú, tá dualgas morálta oraibh gach rud gur féidir a dhéanamh chun cosc a chur ar chinedhíothú. Ní leor a bheith ag caint, caithfear gníomhú. Ag an phointe seo, faraor, tá teipthe oraibh gníomhú chun:
- Cosc a chur ar threalamh agus ar eitiltí míleata tuirlingt ag aerphort na Sionainne agus taisteal trí aerspás na tíre.
- Bille na gCríoch faoi Fhorghabháil a reáchtáil ar mhaithe le cosc a chur ar earraí is ar sheirbhísí ó Iosrael.
- Cosc a chur ar Bhanc Ceannais na hÉireann bannaí cogaíochta a dhíol ar son na Iosrael.
Arís, is cosúil go bhfuil comhpháirteachas leis an chinedhíothú ar siúl ag rialtas na tíre seo le Stát Iosrael. Feictear dom go bhfuil ionadaithe poiblí ag iarraidh a bheith mar ‘Thadhg an Dá Thaobh’, ag rá rud amháin agus ag déanamh tada.
B’fhéidir go dtugann sé suaimhneas intinne de shaghas éigin daoibh neamhaird a dhéanamh do mo leithéid agus cinsireacht a dhéanamh ar an fhírinne. San am chéanna, má tá coinsias ar bith agaibh, tuigfidh sibh nach mbeidh mo leithéidse ag ligint daoibh dearmad a dhéanamh fán ghéarchéim agus nach féidir éalú ón fhírinne, i.e. go bhfuil dualgas morálta oraibh gníomhú láithreach.
Pádraig Ó Baoill
Gleann na Sceiche
Baile Locha Riach
Co. na Gaillimhe