Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Má tá an tsraith theilifíse Vikings feicthe agat tá tú eolach ar an gcarachtar Íomhar Gan Chnámha (Ívar hinn Beinlausi i Lochlainnis, nó Ivar the Boneless mar is fearr aithne air i mBéarla). Leanann an tsraith a chuid eachtraí agus é mar chuid de bhuíon chreiche ar dtús sa Danmhairg, ansin sa Chív, agus a leanann ar aghaidh le Lochlannaigh eile ag déanamh concais ar Shasana. An raibh a fhios agat go raibh an duine seo ina rí ar Bhaile Átha Cliath?
Rugadh Íomhar sa Danmhairg agus ba rí é a athair, Ragnarr Loðbrók (Ragnarr an bhríste ghruagaigh). Deirtear gur bhfuair Íomhar a leasainm “gan chnámha” mar gheall ar fhadhb shláinte a bhain lena chnámha, agus dá bharr sin páiste lag ab ea é. Sna hannála scríobhtar gur tháinig Íomhar go hÉirinn thart ar an mbliain 857 lena dheartháir Amhlaoibh Conung (Óláfr). Tháinig siad chun cánacha a bhailiú agus bhunaigh siad longphort i mBaile Áth Cliath in áit darb ainm Duibhlinn. Déantar cur síos orthu sna h-annála mar “ríthe na ngall”. Bhí siad i mbun cogaidh ag an am seo le hArdrí na hÉireann, Maolsheachlann mac Domhnaill, agus tharla an-chuid den troid i gCúige na Mí. Bhí cúig chúige in Éirinn an t-am sin.
Luaitear Íomhar arís sna hannála sna 860í mar gheall ar ionradh mór a rinne na Lochlannaigh ar Shasana, go háirithe Oirthear Shasana ina raibh siad i gcomhghuaillíocht le Lochlannaigh eile. Déantar cur síos ar a n-arm mar an tArm Mór Págánach (Great Heathen Army a chuirtear orthu i mBéarla), rud a léiríonn mothúcháin na manach a scríobh na hannála ar na Lochlannaigh. Imíonn sé ó na foinsí Sasanacha tar éis 870 agus feictear arís é in Annála Uladh.
Níl mórán eolais ag staraithe ar dheireadh a shaoil ach ceaptar gur bhfuair sé bás de bharr an tinnis cnámha a d’fhulaing sé. Tá sliocht Íomhair ann darb ainm Uí Íomhair agus bhí baill den fhine seo ina ríthe ar Bhaile Átha Cliath, Oileáin na hAlban, agus Northumbria. Déantar cur síos ar dhá chineál Lochlannaigh sna hannála, na Dúghaill ón Danmhairg agus na Fionnghaill ón Iorua. Tá tionchar na Lochlannach fós le feiceáil ar logainmneacha agus sloinnte na hÉireann. Mar shampla, tá Fine Gall i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, agus tá ainm Béarla Loch Cuan, Strangford, ón Lochlainnis Strangr fjörðr, “caolsáile láidir”, agus tá na sloinnte Ó Dúghaill, Mac Mánais, Mac Lochlainn, Mac Uiginn agus Ó hUiginn ann. Creideann daoine áirithe chomh maith gur bhfuair muintir Bhaile Átha Cliath a mblas caint láidir ó na Lochlannaigh.
Ceisteanna buntuisceanna
- Scríobh dhá phíosa eolais faoi Luathshaol Íomhair.
- Cé leo a raibh na Lochlannaigh i mbun cogaidh in Éirinn?
- Céard a bhí á dhéanamh ag Íomhar in 860?
- Céard a tharla do shliocht Íomhair tar éis a bháis?
- Cad a chreidtear ba chúis lena bhás?
- Cén tionchar atá ag na Lochlannaigh ar Éirinn sa lá atá inniu ann?
Gluais
- Buíon chreiche – drong a dhéanann ruathar, a ghoideann maoin agus a fhuadaíonn daoine
- Longfort – áit a stopann long agus a ndéanann foireann na loinge campáil
- Annála – taifid a choinnigh manaigh sna meánaoiseanna
- Manach – fear cráifeach a chónaíonn i mainistr le manaigh eile
- Comhghuaillíocht – comhpháirtíocht idir grúpaí atá ag troid i gcogadh
- Staraithe – daoine a dhéanann staidéar ar an stair
- Logainmneacha – na hainmneacha atá ar áiteanna