Eoin Ó Murchú
Is minic a léann muid sna meáin mhóra faoi nuacht bhréagach. Ar ndóigh, ní hí an nuacht bhréagach a scaipeann na meáin chéanna a bhíonn i gceist acu, ná an chinsireacht a chleachtann siad ionas nach bhfuil aon scéalaíocht ann faoi ábhar ar bith seachas an scéalaíocht a thaitníonn le lucht na méan mór.
Tugann siad nuacht bhréagach ar aon scéal nó scéalaíocht nach dtaitníonn leo. Sampla maith is ea an toghchán a ritheadh le deireannas sa tSeoirsia. Dhamnaigh an Tánaiste an toghchán céanna ag rá go raibh caimiléireacht taobh thiar den toradh. D’fhoilsigh na meáin an leagan sin gan cheist. Níor cuireadh éinne ar an eolas go raibh tuairim eile ann faoin toghchán sin.
“Thug an Rúis foláireamh arís is arís do NATO nach bhféadfadh siad glacadh le NATO a lonnú san Úcráin, cúig nóiméad eitilte ó Mhoscó.”