Tá ochtar fós i bpríosúin in Iosrael tar éis an ruathair a rinne na Iosraelaigh ar an long chúnaimh an Madleen agus í ag seoladh go Gaza. Bhí dáréag san iomlán ar an long nuair a thug sí aghaidh ar Gaza ó Catania, an tSicil. Bhí seisear ar bord ón Fhrainc, Reva Vivard, Yanis Mhamdi, Pascal Maurieras, Omar Faid atá ina iriseoir le Al-Jazeera, Baptiste Andre, agus Rima Hassan atá ina ball de Pharlamint na hEorpa. Chomh maith leis sin, bhí Greta Thurnberg, an gníomhaí comhshaoil mór le rá, ar bord, le Yasemin Acar ón nGearmáin,Thiago Avila ón mBrasaíl, Suayb Ordu ón Tuairc, Sergio Toribio ón Spáinn agus Marco van Rennes ón Ísiltír.
Ba é sprioc an turais an t-imshuí farraige ar Gaza a bhriseadh. Tuairiscítear go raibh méid siombálach cúnaimh ar bord, plúr, bainne púdair do leanaí agus cógais.
Ainmníodh an long as Madelyn Culab, an t-aon baniascaire in Gaza, agus socraíodh go mbeidh an long ag seoladh díreach mí tar éis ionsaí Iosrael ar long eile darb ainm Conscience a rinne iarracht an sprioc chéanna a bhaint amach. Fuair an turas seo an-chuid poiblíochta de bharr Greta Thurnberg agus Rima Hassan a bheith ar bord. Deirtear gur aontaigh siad dul ar an turas seo go gearr tar éis a fháil amach faoin ionsaí ar an Conscience. Dúirt Thurnberg go raibh orthu iarracht a déanamh mar “is é an nóiméad a stopann muid de bheith ag déanamh iarrachta, is é sin an t-am a chailleann muid ár ndaonnacht”.