Oíche den scoth in Inse Chór

Bhí áthas ar Chraobh Inse Chór de Chonradh na Gaeilge oíche oscailte speisialta a reáchtáil in Áras Inse Chór lenár gcomharsana Inchicore For All le deanaí mar chuid de Sheachtain Uilechuimsitheachta agus Imeasctha Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus leagadh béim faoi leith ar fháilte a chur roimh dhaoine nua inár bpobal.

Cuireadh fáilte roimh chuairteoirí chuig ár halla, taispeánadh an áit dóibh agus cuireadh ar a gcompord iad. Chuir an bhialann áitiúil Kari bia blasta ar fáil.

Chas Aoife Nic Dhiarmada (fidil), Cóilín Ó Conaing (feadóg mhór), Deirdre Ní Mhaolaí (píb uilleann) agus Antaine Ó Faracháin (fidil) scoth an cheoil thraidisiúnta don lucht freastail le linn do bhaill den chraobh fáilte a chur rompu agus aithne a chur orthu.

Thug Simon Ó Donnabháin, Craobh Inse Chór, cur síos gairid ar stair agus ar ghníomhaíochtaí na craoibhe. Labhair sé faoin tábhacht straitéiseach a bhain leis an oíche chun naisc fhadtéarmacha a fhorbairt agus luaigh sé na féidearthachtaí ó thaobh teacht le chéile leis na pobail nua amach anseo. 

Labhair Seán Ó Murchadha, Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge, atá ag obair leis an gclár “Céad Míle Fáilte” faoin obair atá ar bun aige agus faoin tábhacht a bhaineann leis an teachtaireacht gur le chuile dhuine an Ghaeilge. Scaip sé eolas ilteangach ar an lucht freastail agus gheall sé go bhfillfeadh sé agus go bhféachfadh sé ar cheardlanna a reáchtáil le grúpaí ar leith ón gceantar. 

Ansin thug Louise O’Connor taispeántas iontach damhsa agus thug sí daoine eile amach ag damhsa léi chun cúpla steip a thaispeáint dóibh. 

Cuireadh clabhsúr leis an oíche le seisiún álainn amhránaíochta inar chas daoine ar fud an tseomra amhráin. 

Ag deireadh na hoíche bhí cairde nua déanta againn le daoine ó chian is ó chóngar: ón Úcráin, ón Ailgéir, ón bhFrainc, ó Veiniséala, ón bPalaistín, ón gceantar (le daoine bhí linn den chéad uair), agus fiú ó Bhaile Formaid!

Gabhaimid buíochas le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus le Foras na Gaeilge as oíche a raibh an-rath uirthi. Is mór againn a gcuid tacaíochta leanúnaí agus tá súil agam go bhfanfaidh siad linn de réir mar a thagann fás agus forbairt orainn agus mar a fhreastalaíonn muid ar an bpobal. Míle buíochas leis na ceoltóirí ar fad, leis an damhsóir, agus le Seán ó Chéad Míle Fáilte.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.