Iománaithe Chill Dara ag díriú ar Bhaile Átha Cliath tar éis stair a dhéanamh i gCraobh Sheosaimh Mhic Dhonnacha

Cóilín Duffy

Tá stair déanta ag iománaithe Chill Dara, agus iad fós ag scríobh caibidil nua. Seachtain i ndiaidh dóibh Corn Sheosaimh Mhic Dhonnacha a thabhairt leo den chéad uair riamh le bua stairiúil ar Laois i bPáirc an Chrócaigh, tá siad ag díriú anois ar eachtra eile, cluiche réamhcheathrú ceannais i gCraobh Shinsir na hÉireann in aghaidh Bhaile Átha Cliath, atá le himirt Dé Sathairn seo i nDroichead Nua.

Labhair Frank Óg, múinteoir matamaitice agus gnó 29 bliain d’aois i gColáiste Cois Life agus tosach le foireann Chill Dara, le An Páipéar faoin mbua mór, faoin tionchar atá ag an dul chun cinn ar iománaíocht sa chontae, agus faoin tábhacht a bhaineann leis an gcluiche atá amach rompu, an chéad chluiche riamh don chontae i gCorn Liam Mhic Cárthaigh.

“An bua Dé Domhnaigh, bhí sé dochreidte,” a dúirt Frank.

“Bhíos ag caint le Paul Divilly, iarimreoir agus oifigeach forbartha le CLG Chill Dara, agus as mo chlub féin, Confaí, roimh an gcluiche. Dúirt sé go raibh muid chun tosaigh ar an bplean, bhí plean trí bliana ann, ach táimid tagtha chomh fada seo taobh istigh de dhá bhliain.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.