Cathal Ó Murchú
Ar an gcéad lá den mhí seo, rinne na hÚcránaigh ionsaí dásachtach ar chúig aerbhunáit de chuid na Rúise in obráid mhíleata darb ainm Obráid Ghréasán an Damháin Alla. Tharla na hionsaithe seo in áiteanna ar nós Ryazan, Ivanovo, Murmansk, Irkutsk agus Amur atá idir 300 agus 6,000 cileaméadar ón láthair chatha san Úcráin féin. An rud is suntasaí faoi na haerbhunáiteanna seo ná gur láithreacha iad ina gcoimeádtar eitleáin bhuamadóra núicléacha agus go gcaithfear iad a choimeád lasmuigh faoin spéir de réir chonradh idirnáisiúnta núicléach ar a dtugtar New START air. Go bunúsach is ionsaí é seo ar chumas núicléach na Rúise agus tá fíorchontuirt leis an gcineál seo ionsaithe.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!