Dé hAoine an 6 Meitheamh
Seoladh oifigiúil
38ú Féile Bhliantúil Ealaíne an Eargail (12 go 26 Iúil)
Óstán na Cúirte, Mín Doire Dhamh, Gaoth Dobhair
1 pm
Clár imeachtaí agus bróisiúr na féile, deochanna, canapéanna, siamsaíocht cheoil
Tá fáilte roimh an phobal chuig an ócáid seo
Clárú ag admin@eaf.ie, 074-9168800
Seisiún scéalaíochta
Leabharlann Phobail, Gaoth Dobhair
do pháistí aois bunscoile
4 pm
Scéalta agus spraoi le na púipéidí
Clárú ag eilin@tuismitheoiri.ie
Ciorcal comhrá
CLG Naomh Pádraig, Domhnach
7 pm
Saor in aisce
Tuilleadh eolais ó Emma 07933372854
Blas na Farraige
le Susan Feirtéar
An Siopa Cáise, Oileán na nGéanna, Trá Lí
7 pm
Cur i láthair ar bhia na farraige, cúpla cleas cliste agus
cúpla oideas simplí
Spásanna teoranta. Clárú ag cnag.trali@gmail.com
Costas €5
Cáis, Ceol agus Ól, Caifé Ceoil
Le Manouche, ceol beo leis an ghrúpa snagcheoil giofógach
Áras Mhic Reachtain, Bóthar Aontroma, Béal Feirste
7 go 10 pm. doirse 6.30 pm
Tráthnóna cultúrtha ar leith do bhia blasta agus ceol beo den scoth
Ticéid £35 ó Eventbrite agus airgead tirim sa chaifé
4 chúrsa de ghreimíní an-bhlasta, ullmhaithe ag cócaire Chaifé Ceoil,
Ciarán Ó Cruadhlaoich
Beir buidéal leat! Níl ach 30 spás ar fáil.
Pop-Up Gaeltacht
Tráth na gCeist (dátheangach)
Wilkins, Mín na Lábáin
8.30 pm
Duaiseanna €250
CLG Ghleann tSúilí
(airgead ag dul chun tuilleadh imeachtaí Gaeilge a reáchtáil sa chlub)
Gile na Gile
Ionad Ealaíon na Tána, Dún Dealgan
8 pm
Ceol agus turais Aogáin Uí Rathaille
Lorcán Mac Mathúna agus ceoltóirí
Ticéid €25
Dé Sathairn an 7 Meitheamh
Gaeilge do Gaza
Cultúrlann Uí Channáin, Doire
10 am go 3 pm
£20, 16+, ach leibhéal Gaeilge
Eolas, bunrang go hardrang, john@culturlann.org, 028-71264132
Bí linn Dé Sathairn an 7 Meitheamh le snas a chur ar do chuid Gaeilge agus airgead a bhailiú ar son Gaza
Bronnfar an t-airgead seo ar Fheachtas Dlúthpháirtíochta na hÉireann leis an Phalaistín i nDoire
Fáilte roimh chách
Ciorcal comhrá na Craoibhe Rua
Leabharlann Dhún Geanainn
11 am go 1 pm
Tuilleadh eolais ó ancraobhrua@gmail.com
Cuideachta
Céilí Craiceáilte
Ionad Pobail Ghleann Bhairr
2 pm
Eolas agus clárú ag oisin@tuismitheoiri.ie
Ag Cruinniú Aibhleogaí
Ag athlasadh gaoil leis an talamh agus leis an phobal trasna na nglúnta
do pháistí ranganna 5 agus 6 le Lucy
Teach Bhaile Chonaill
11 am go 3pm
Spásanna teoranta, teagmhail agus clárú le Caitlín, 087-2270722
Cad as duit? Logainmneacha na nDéise
Ionad Cuairteoirí Chósta an Chopair, na Déise
2 go 4 pm
Abair linn faoi do logainmeacha áitiúla ar ár Seó Bóthair Logainmneacha
Sólaistí ar fáil, ceol agus scéalta
Ní gá spás a chuir in áirithe, saor in aisce
Ócáid dhátheangach eagraithe ag Coiste Logainmeacha Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge
Biongó as Gaeilge
Comhrá as Gaeilge, Garbh Coille, Droim Féigh agus Míseal
i Halla Droim Féigh
5 go 7 pm
Leabhar Biongó €4 (€2 do pháiste)
Glór Cheatharlach
Satharn na nGael le Daltaí na Gaeilge
Lárionad na nGael, Coill Phenn, Philadelphia
Tumchúrsa lae Gaeilge
Clárú ag daltai.com/product/satharn-na-ngael
Satharn Reggae Ramble, beir leat do bhuidéal féin
Stiúideo Rúnda, Béal Feirste
Dioscmharcaigh, Aon Ghrá Dane, Buzz agus aoi speisialta
9 pm go 1 am
Dé Domhnaigh an 8 Meitheamh
Siúlóid 5 km do Archie
Clárúchán ag 11.30 go 11.50 am
Tús 12 meán lae
Scoil Santain, Bóthar na hAbhann Móire, Tamhlacht
Clárú ag eolas@feachtas.ie, 087-7709796
Costas €15 duine fásta, daoine óga saor in aisce
Uisce agus sólaistí i Scoil Santain ina dhiaidh
Fáilte roimh chách
Airgead i dtreo cóir leighis do Archie Óg agus é ag troid i gcoinne diostróife mhatánach Duchenne
Tráthnóna le Rónán Ó Snodaigh, Kíla
Tob-Ghaeltacht Bhaile Átha Luain
Tábhairne The Snug, Baile Átha Luain
8 pm
Saor in aisce, ach clárú le athlonegaeltacht@gmail.com
Á eagrú ag Gaeltacht Bhaile Átha Luain
Dé Luain an 9 Meitheamh
Ceardlann scríbhneoireachta bunaithe ar an dinnseanchas
7 go 10 pm am na hÉireann
Stiúrthóirí na ceardlainne Michelle Nic Pháidín, Eithne Ní Ghallchobhair, Micheál Ó Conghaile
Níl aon táille ann, ar líne ar Zoom
Tuilleadh eolais ag Cló Iar-Chonnachta, an Spidéal, moccic22@outlook.com 091-593307
Dé Céadaoin an 11 Meitheamh
Gaelainn sa Ghnó
Nathanna úsáideacha Gaelainne agus ceardlann ar fhocail agus nathanna a bhaineann le do ghnó féin
Saor in aisce ach cláraigh le cathairsaidhbhin@glornangael.ie, 086-1659866
Ní gá cumas Gaelainne a bheith agat roimhré
Cathair Saidhbhín le Gaeilge
Ciorcal Comhrá Cruthaitheach
6.30 go 8.30 pm
Uiscedhath le Ger De Róiste
sa Ghailearaí, Gaoth Dobhair
Eolas ó angailearaidonegal@gmail.com
Níl costas air, ach fáilte roimh shíntiúis dheonacha