Naomh Anna Leitir Móir | 0-7 |
Gaeil Fhanada | 0-6 |
Rug Naomh Anna Leitir Móir leo craobh idirmheánach Chomórtas Peile na Gaeltachta i bpeil na mban den chéad uair riamh Dé Domhnaigh seo caite, i ndiaidh bua an-teann le pointe amháin ar Ghaeil Fhanada as Dún na nGall i Ráth Chairn.
I gcluiche a bhí idir dhá cheann na meá ó thús deireadh, ba í imreoir chontae na Gaillimhe, Sarah Ní Loingsigh, a bhuail an buile cinniúnach nuair a d’aimsigh sí an scór a bhuaigh an cluiche i dtús am cúitimh an dara leath chun seilbh a fháil ar an gcorn don fhoireann as Conamara.
Imríodh an cluiche ar luas lasrach, agus bhí an chuma ar Ghaeil Fhanada gurbh iadsan a bheadh i gceannas go luath, ag scóráil go rábach 0-3 in aghaidh 0-00 laistigh de chúig nóiméad go díreach. Thug scóranna ó Iseult Ní Mhathúna, Siobhán Nic Suibhne, agus Lauren Nic Giolla Chearra tús den scoth don fhoireann as Dún na nGall, agus bhí Nic Giolla Chearra ag cruthú fadhbanna móra do chosaint Leitir Móir.