Seal dá rabhas im’ mhaighdean shéimh,
‘S anois im’ bhaintreach chaite thréith,
Mo chéile ag treabhadh na dtonn go tréan
De bharr na gcnoc is i n-imigcéin.
Curfá:
‘Sé mo laoch, mo Ghile Mear,
‘Sé mo Chaesar, Ghile Mear,
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear.
Bímse buan ar buairt gach ló,
Ag caoi go cruaidh ‘s ag tuar na ndeor
Mar scaoileadh uaim an buachaill beo
‘S ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón.
(Curfá)
Ní labhrann cuach go suairc ar nóin
Is níl guth gadhair i gcoillte cnó,
Ná maidin shamhraidh i gcleanntaibh ceoigh
Ó d’imigh uaim an buachaill beó.
(Curfá)
Marcach uasal uaibhreach óg,
Gas gan gruaim is suairce snó,
Glac is luaimneach, luath i ngleo
Ag teascadh an tslua ‘s ag tuargain treon.
(Curfá)
Seinntear stair ar chlairsigh cheoil
‘s líontair táinte cárt ar bord
Le hintinn ard gan chaim, gan cheo
Chun saol is sláinte d’ fhagháil dom león.
Ghile mear ‘sa seal faoi chumha,
‘s Eire go léir faoi chlócaibh dubha;
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó luaidh i gcéin mo Ghile Mear.
(Curfá)