Laoch iomána – Críostóir Ó Rinn

Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Droichead Chríostóra Uí Rinn i gCathair Chorcaí
Grianghraf: William Murphy/Flickr

Imreoir iomána den chéad scoth ba ea é Críostóir Ó Rinn a d’imir le Contae Chorcaí. Mhair a ghairm tréimhse an-fhada, agus cé go bhfuair sé bás agus é óg go leor creidtear go bhfuil sé ar dhuine de na himreoirí is fearr riamh a d’imir an spórt.

Rugadh Criostóir Ó Rinn taobh istigh de mhíle amháin ón tsráidbhaile beag Cluain i gContae Chorcaí sa bhliain 1920. Bhí dlúthchaidreamh idir é agus a thuismitheoirí, Nioclás agus Máire. B’iariománaí é a athair féin le foireann Chluana, agus thug sé an spreagadh dá mhac an camán a phiocadh suas den chéad uair. Nuair a bhí Christy ina ghasúr óg, bhí sé de nós ag a athair an leaid óg a thabhairt go dtí na cluichí móra i gCathair Chorcaí. Dhéanadh an bheirt an turas fada casta seo go rialta, le Christy óg ina shuí ar thrasnán an rothair. Fuair Christy a chuid scolaíochta ag an scoil náisiúnta áitiúil i gCluain, agus cuimhníodh air mar bhuachaill ciúin ach dícheallach. Mar ba ghnáth ag an am seo, níor bhfuair sé oideachas dara leibhéal ná tríú leibhéal, agus d’fhág sé an scoil ag ceithre bliana déag d’aois. Ghlac sé le printíseacht mar mheicneoir i Mainistir na Corann, agus ní ba dhéanaí bhog sé go Cathair Chorcaí chun post a ghlacadh mar fhear seachadta leis an gcomhlacht mór Shell Oil.

D’imir Christy le cúpla club ina ghairmré: Cluain, Raonairí an Ghleanna, agus Naomh Éanna ina measc, ach tá clú agus cáil air mar gheall ar na héachtaí a bhain sé amach d’fhoireann Chorcaí ón mbliain 1938 go 1967. B’imreoir láidir iontaofa é a d’imir i gcúpla áit éagsúil ar an bpáirc, ach ba é leatosaí cliatháin a áit ab fhearr leis. Bhuaigh sé Craobh na hÉireann 8 n-uaire le Corcaigh, thuill sé Craobh na Mumhan faoi 9, chabhraigh sé leis an bhfoireann an tSraith Násiúnta a bhuachan 4 huaire, agus is é fós an t-aon imreoir a d’imir le foireann idirchontae ar feadh 40 bliain.

Ba chúis iontais é a bhás mar níor ól sé agus níor chaith sé tobac riamh. Agus é ar a bhealach chun an dochtúir a fheiceáil thit sé go tobann nuair a bhuail taom croí é. Tháinig 60,000 duine chun na sochraide chun ómós a léiriú dó. Labhair an Taoiseach Jack Lynch ag an tsocraid.


Ceisteanna buntuisceanna

  1. Cé mhéad bliain a d’imir Christy Ring iomáint?
  2. Cén club lenar imir sé féin agus a athair araon?
  3. Cén saghas dalta a bhí ann?
  4. Cén post a fuair sé i gCathair Chorcaí?
  5. Liostaigh 3 éacht a bhain sé amach.
  6. Cé mhéad duine a tháinig chun a shochraide?
  7. Cén duine cáiliúil a labhair ag an tsocraid? 
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.