Tá sraith agóidí i gcoinne rialtas na Seirbia ar siúl ó mhí na Samhna seo caite agus is é ábhar na n-agóidí caimiléireacht sa tsochaí, sa státchóras agus sa rialtas féin. Thosaigh na hagóidí frithrialtais seo sa dara cathair is mó sa tír, Novi Sad, nuair a thit díon an stáisiúin traenach anuas ar thaistealaithe agus maraíodh 16 dhuine. Cuireadh olc ar dhaoine toisc easpa freagracha maidir leis an taisme seo agus scaip na hagóidí chuig 400 cathair agus baile ar fud na Seirbia faoi mhí an Mhárta.
Is fiú a chuimhneamh, áfach, nach dtacaíonn gach éinne sa tSeirbia leis na hagóidí seo agus cuireann siadsan i leith na n-agóideoirí go bhfuil siad gafa le ‘réabhlóid dhaite’ atá stiúrtha ó rialtais agus ó sheirbhísí rúnda an Iarthair. Tá a fhios againn ón stair gur eagraigh eagraíochtaí ón Iarthar athrú réimis sa tír seo cheana, mar a rinne siad go rímhinic i neart tíortha eile in oirthear na hEorpa, go háirithe le linn thitim an chumannachais sna blianta 1989 go 1991.