TikTok i dtrioblóid leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí

Tá an-tóir ar an aip TikTok agus is é ar cheann de na haipeanna is mó a úsáidtear. Tá sé ina scéal mór an tseachtain seo mar gheall ar shárú ar phríobháideacht sonraí. Is le comhlacht Síneach, Bytedance, é TikTok. 

Tá €530 milliún d’fhíneáil gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn ar TikTok as sonraí pearsanta úsáideoirí san Eoraip a aistriú chun na Síne. Chomh maith leis sin, thug an Coimisiún um Chosaint Sonraí ordú do TikTok an chaoi a ndéanann siad sonraí a phróiseáil a thabhairt de réir an dlí taobh istigh de shé mhí.

Cuirfear aistrithe sonraí TikTok chun na Síne ar fionraí mura ndéanfar an beart seo seo laistigh den tréimhse seo.

Dúirt TikTok go mbeidh siad ag déanamh achomharc i gcoinne rialú na cúirte. Maíonn siad gur úsáid siad creat dlíthiúil agus clásail chaighdeánacha chonarthacha chun teorainn a chur le cianrochtain.

Thug TikTok le fios don Choimisiún nach bhfuil sé mar chleachtas acu sonraí úsáideoirí na hEorpa a stóráil ar fhreastalaithe sa tSín. Ach dúirt an Coimisiún nach raibh bonn ceart faoin eolas a chuir TikTok ar fáil. Cúpla seachtain ina dhiaidh seo, chuir TikTok an Coimisiún ar an eolas go raibh sonraí éigin stóráilte ar fheastalaithe sa tSín. Dúirt TikTok gur tháinig siad ar an eachtra seo i mí Feabhra na bliana seo. Tháinig an fógra sin salach ar an bhfianaise a bhí tugtha ag TikTok don Choimisiún ar dtús. Scrios TikTok na sonraí go léir a bhí stóráilte sa tSín.

Luaigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí ina dtuairisc nach bhfuair TikTok iarratas ó údaráis na Síne maidir e sonraí úsáideoirí. Níor chuir siad sonraí úsáideoirí Eorpacha ar fáil dóibh ach oiread.

Thosaigh an fiosrúchán i Meán Fómhair 2021 chun scrúdú  a dhéanamh maidir le cé chomh dlíthiúil is a bhí sé sonraí pearsanta úsáideoirí a aistriú chun na Síne ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Is iad an Dr Des Hogan agus Dale Sunderland na Coimisinéirí Cosanta Sonraí. Fuair siad amach gur sháraigh TikTok an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. 

Ní raibh TikTok in ann a fhíorú, a ráthú ná a léiriú gur tugadh leibhéal cosanta do shonraí pearsanta úsáideoirí Eorpacha, a ndearna foireann na Síne cianrochtain orthu, a bhí comhionann go bunúsach leis an leibhéal a ráthaítear laistigh den Aontas Eorpach.

Tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn i dteagmháil le húdaráis Eorpacha um Chosaint Sonraí faoina thuilleadh gníomhú rialála.

D’fhógair TikTok ‘Project Clover’ anuraidh chun iarracht a dhéanamh imní maidir príobháideachas a mhaolú. Dúirt TikTok i Márta 2023 go bhfuil sonraí úsáideoirí Eorpacha stóráilte idir dhá ionad sonraí i mBaile Átha Cliath agus ceann eile san Iorua. Bhí costas €12 billiún ar an tionscadal seo.

Is í Christine Grahn Ceann an Bheartais Phoiblí agus an Chaidrimh Rialtais ag TikTok. Dúirt sí go bhfuil réiteach cuimsitheach curtha i bhfeidhm ag Tiktok a thairgeann cosaintí gan chomhoiriúnú ar shonraí úsáideoirí Eorpacha agus príobháideachas.

Dúirt an Coimisiún go ndearna siad breithniú ar na hathruithe leanúnacha a tharla faoi Project Clover.

Ní seo an chéad uair dol TikTok a bheith sna ceannlínte nuachta. Tarraingíonn an aip conspóid go minic ar fud an domhain.

Fuair TikTok fíneáil €345 milliún in 2023 toisc gur chuir siad isteach ar reachtaíocht den Aontas Eorpach maidir le bainistíocht sonraí agus próiseáil sonraí leanaí. Tháinig an fhíneáil seo mar gheall ar fhiosrúchán a thosaigh in 2021 freisin.

Bhí TikTok sna ceannlínte nuachta arís i nDeireadh Fómhair 2024 mar gheall ar theipeanna measarthachta. Léirigh cáipéisí inmheánach go raibh a fhios ag cuid de na fostaithe sinsearacha faoi na dochair a d’fhéadfadh a bheith ag an ardán d’úsáideoirí óga. Áiríodh leis na saincheisteanna seo ábhar neamhoiriúnach agus úsáid éigníoch na haipe.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.