
Bunaíodh an scéim Scoil Spreagtha i mí na Samhna 2023. Is scéim de chuid Ghael Linn í chun tacaíocht a thabhairt do bhunscoileanna an Ghaeilge a theagasc i dTuaisceart Éireann. Fuair an scéim maoiniú dhá bhliain mar scéim phíolótach. Ach, mar gheall ar easpa maoinithe, beidh an scéim ag críochnú ag deireadh na bliana acadúla seo.
Spreag an scéim deiseanna oideachasúla do 82 scoil agus 14,785 dalta. Ina theannta sin, léirigh níos mó ná 80 scoil agus 17,000 dalta spéis a bheith páirteach sa scéim. Mar sin, tá éileamh an-mhór ar an scéim seo le tuilleadh ná 160 scoil agus 31,000 dalta ag léiriú suim san iomlán.
Tagann an easpa airgid don scéim de bharr fadhb le córas maoinithe Fhoras na Gaeilge a thugann maoiniú do Ghael Linn.
Tacaíonn an scéim le scoileanna chun an Ghaeilge a theagasc. Laghdaíonn sí an brú atá ar mhúinteoirí, toisc go bhfuil acmhainní ar fáil le haghaidh na gceachtanna agus cleachtaí. Moltar do na scoileanna an Ghaeilge a chur chun cinn taobh amuigh den seomra ranga agus ar na meáin shóisialta. Cabhraíonn seo an Ghaeilge a chothú ar bhealach atá spraíúil agus neamhfhoirmeálta.