Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.
Is grúpa feachtasaíochta iad Guth na nGiúdach ar son na Síochána ina bhfuil daoine Giúdacha i gcoinne an tSíónachais. Bunaíodh an grúpa in 1996 agus bhí borradh mór millteanach ina mballraíocht le déanaí mar gheall ar an gcinedhíothú sa Phalaistín. Is grúpa ar an eite chlé iad agus ar a suíomh gréasáin deir siad go dtacaíonn siad le ceart dhiaspora na Palaistíne filleadh ar an bPalaistín. Diúltaíonn siad gurb ionann an Giúdachas agus an Síónachas, agus deir siad gur féidir leat a bheith i do Ghiúdach agus gan tacaíocht a thabhairt d’Iosrael.
Maíonn siad gur stát coilíneach lonnaitheoirí é Iosrael, arbh í an Bhreatain a chruthaigh é. Maíonn siad chomh maith gur idéaolaíocht chiníoch de chuid na hEorpa is ea é an Síónachas, a dhíothaigh eagsúlacht na ngrúpaí eagsúla Giúdach, mar shampla Giúdaigh Shafáratacha (de bhunadh na Spáinne agus na Portaingéile) agus na Mizrahim (Giúdaigh de bhunadh an Mheánoirthir agus na hAfraice Thuaidh).
Ar an 19 Deireadh Fómhair 2023 bhí alt i ndiaidh ailt scríofa faoin ngrúpa mar gheall ar an agóid stairiúil a d’eagraigh siad i gcoinne chinedhíothú Iosrael in Gaza. Bhailigh na mílte os comhair an Chaipeatóil in Washington DC agus ghlac siad seilbh ar fháiltiú an fhoirgnimh. Bhí go leor raibithe sa slua a thacaigh leis an agóid. Bhí sluaghairmeacha acu ar nós “ní inár n-ainmne” le cloisteáil.
Mar thoradh ar chur faoi chois na hagóide sin i gcoinne Iosrael cuireadh cosc ar Ghuth na nGiúdach ar son na Síochána in Ollscoil George Washington in 2024. Dúirt an Conradh Frith-Chlúmhillte gur grúpa frith-Sheimíteach iad Guth na nGiúdach ar son na Síochána, rud nach bhfuil aon bhunús leis ar dár leis an ngrúpa féin.
Ceisteanna buntuisceanna
- Cén bhliain ar bunaíodh Guth na nGiúdach ar son na Síochána?
- Cén saghas grúpa iad?
- Seachas reiligún, cad a chreideann siad?
- Cad iad na barúlacha atá acu faoi Iosrael?
- Cad a tharla ar an 19 Deireadh Fómhair 2023?
- Cén fáth ar cuireadh cosc ar Ghuth na nGiúdach ar son na Síochána in Ollscoil George Washington?