Solas glas tugtha do Cheatharlach chun Féile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach 2026 agus 2027 a óstáil

Tá sé fógartha go hoifigiúil go mbeidh baile Cheatharlach ina óstach ar an bhFéile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach in 2026 agus 2027.

Rinneadh an cinneadh a fhógairt Déardaoin, an 24 Aibreán, i ndiaidh cruinnithe den Chomhairle Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach, le hionadaithe ó na sé náisiún Cheilteacha i láthair: Éire, Albain, an Bhreatain Bheag, an Bhriotáin, Corn na Breataine agus Oileán Mhanann.

Côr Esceifiog, an Bhreatain Bheag, a bhain an iliomaid duaiseanna, ag an bhféile i mbliaina

Is é cuspóir na féile cultúr agus teangacha na náisiún Ceilteach a cheiliúradh agus a chur chun cinn.

“Is áit álainn, bhríomhar é Ceatharlach atá thar a bheith measúil i measc toscairí agus cuairteoirí rialta na féile ar chúiseanna iomadúla,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Cathaoirleach na Comhairle Idirnáisiúnta Pan-Cheiltí.

Lo-Fi Jones, Buaiteoirí an chomórtais buscála Amhrán Nua-Chumtha & Dara Áit sa Chomórtas Amhránaíocht Traidisiúnta do Ghrúpa.

“Ní féidir gan an ‘céad míle fáilte’ ó chroí a fhaighimid i gcónaí ó mhuintir Cheatharlach a lua, na hionaid den scoth sa bhaile, agus an tacaíocht fhlaithiúil ó Chomhairle Contae Cheatharlach.”

Beidh clár leathan imeachtaí mar chuid den fhéile, lena n-áirítear scéalaíocht, léachtaí, comórtais amhránaíochta agus damhsa. Cé gur imeacht ceilteach é, is é an Béarla an príomhtheanga chumarsáide le linn na gcúig lá, rud a fhágann go bhfuil sé inrochtana do chainteoirí líofa agus do thosaitheoirí araon.

Méara Cheatharlach, an Comhairleoir Fintan Phelan & Cathaoirleach Chomhairle Contae Cheatharlach, an Comhairleoir Fergal Browne ag paráid na féile

“Is céim mhór é an fógra seo do Cheatharlach, ag cur béim ar ár stádas mar lárionad cultúrtha ar léarscáil na hÉireann,” a dúirt an Comhairleoir Fergal Browne, Cathaoirleach Chomhairle Contae Cheatharlach.

“Tá baile Cheatharlach foirfe don fhéile. Tá gach rud gar dá chéile, rud a fhágann gur furasta bogadh timpeall air do chaoithiúlacht.”

Cór na nÓg ag paráid na Féile Pan-Cheiltí 2025 i gCeatharlach

Cé nach bhfuil Ceatharlach suite i gceantar Gaeltachta, tugann an fhéile pobail Ghaeilge agus Cheilteacha le chéile i gcroílár an bhaile gach bliain le linn na Cásca.

“De ghnáth, aistríonn an fhéile ó áit go háit gach re bliain, agus tar éis trí bliana rathúla, táimid thar a bheith bródúil as bheith roghnaithe chun í a óstáil arís ar feadh dhá bhliain eile,” a dúirt an Comhairleoir Fintan Phelan, Méara Cheatharlach.

“Déanfaidh muid ár ndícheall an ceiliúradh speisialta Ceilteach seo a threisiú sna blianta atá le teacht.”

Gráinne Ní Fhátharta san iomaíocht ar son na hÉireann sa Chomórtas Amhránaíochta Idirnáisiúnta

Ag labhairt thar ceann choiste áitiúil na féile, dúirt Bríde de Róiste go raibh sé ina onóir óstáil a dhéanamh ar an ócáid arís agus arís eile le cúig bliana déag anuas.

“Tá an Ghaeilge faoi bhláth i gCeatharlach faoi láthair, agus nuair a chuirtear leis sin an pobal láidir agus tacaíocht na n-údarás áitiúil, is léir gur áit fheiliúnach é Ceatharlach don fhéile cháiliúil seo,” a dúirt sí.

“Tá a fhios againn gur féidir linn éirí níos fearr fós in 2026 agus 2027. Tá áthas an domhain orainn!”

Côr Esceifi og, an Bhreatain Bheag, a bhain an iliomaid duaiseanna, ag an bhféile i mbliaina
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.