Is “gníomh ciallmhar” é comhpháirtíocht Éireannach i gcomhghuaillíocht chabhlaigh Eorpach dar leis an Aire Cosanta agus Tánaiste Simon Harris. Ar an 14 Aibreán thug sé cead d’Óglaigh na hÉireann dul isteach sa chomhghuaillíocht atá faoi mhaoirseacht Choimisún na hEorpa. Is éard atá i gceist leis an gcomhghuaillíocht, darb ainm an Timpeallacht Chomónta Chomhroinnte Faisnéise, a ligean do na tíortha a glacann páirt ann faisnéis a roinnt maidir le faireachas muirí agus clúdaíonn sé roinnt údaráis éagsúla, mar shampla, údaráis chabhlaigh, údaráis chustaim, agus na gardaí cósta. Tá thart ar 300 údarás clúdaithe sa chomhghuaillíocht.
Tá ballraíocht oscailte do tíortha san Aontas Eorpach nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíochta agus is iad na tíortha a ghlacann páirt ná an Iodáil, an Phoirtangéil, an Spáinn, an Fhrainc, an Ghréig, agus an Iorua. Cuireadh tús leis an togra in 2009 agus meastar go bhfuil costas 133 millún euro air ó 2014 i leith.

Oibríonn an togra trí shonraí a roinnt idir na baill. Roghnaíonn baill cén sort sonraí atá le roinnt agus roinntear na sonraí trí nód na Timpeallachta Comónta Comhroinnte Faisnéise. Roinnfear sonraí ó Chabhlach na hÉireann ó Inis Sionnach i gCalafort Chorcaí. Tá amhras á léiriú sna meáin le cúpla bliain anuas faoi ról an na Seirbhíse Cabhlaigh. Toisc gur oileán í Éire tá faireachán fairsing le déanamh le loingeas teoranta (níl ach 8 long againn). Bíonn ceisteanna breise ann chomh maith aon uair a théann longa ó chabhlach na Rúise in uiscí na hÉireann.
Is léir gur fhreagra ó Rialtas na hÉireann é seo i leith ceisteanna maidir le cumas an chabhlaigh. Tá ceist an neodrachais ann chomh maith áfach. Tuairiscítear gur tír neodrach í Éire ó am go chéile ach feictear arís agus arís eile nach tír neodrach muid ach go bhfuil rialtas na hÉireann i bhfábhar níos mó comhpháirtíochta le cumhachtaí móra ar nós Stáit Aontaithe Meiriceá agus na Ríochta Aontaithe.
Chuaigh An Páipéar i dteagmháil leis an ngrúpa feachtasaíochta Shannonwatch, a bhíonn an-ghníomhach ag cur brú ar an rialtas stop a chur ar na heitiltí míleata trí Aerfort na Sionainne. Labhair Ed Horgan, atá ina bhall den ghrúpa, amach i gcoinne ráitéas Simon Harris, a dúirt nach mbeidh sárú neodrachais i gceist le ballraíocht i gcomhghuaillíocht chabhlaigh na hEorpa.
“Tá siad ag insint bréag. Tá ár rialtas ag déanamh damáiste do neodracht na hÉireann céim ar chéim, diaidh ar ndiaidh, ag fáil réidh leis an nglas triarach, gan an Bille um Ghníomhaíocht Eacnamaíoch a Rialú (Críocha faoi Fhorghabháil), 2018 a chur i bhfeidhm, ag iarraidh cabhrú le hArm na hÚcráine sa chogadh i gcoinne na Rúise agus ag tabhairt cead d’Arm Meiriceá úsáid a bhaint as Aerfort na Sionainne chun cogadh a dhéanamh sa Mheánoirthear agus in áiteanna eile. Tá Rialtas na hÉireann anois comhpháirteach sa chinedhíothú i gcoinne na bPalaistíneach, tá siad ag iarraidh caint as an dá taobh dá mbéal”.
Níl stad ar bith sna meáin leis an míleatachas le déanaí. Is léir go bhfuil an rialtas i bhfábhar níos mó comhpháirtíochta leis na cumhachtaí móra ar nós ECAT, an Aontais Eorpaigh, agus na Stát Aontaithe. Níl aon fhadhb acu longa cogaidh Sasanacha a bheith in uiscí na hÉireann, nó eitleáin mhíleata Mheiriceá a bheith ag dul trí Aerfort na Sionainne ach tá fadhb acu le longa cogaidh Rúiseacha a bheith in uiscí na hÉireann. Mar shainmhíniú, ní neodrachas é seo.
Rinne An Páipéar iarracht teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Cosanta ach níor éirigh linn freagraí a fháil uathu. Cuireadh trí cheist orthu: cén fáth go bhfuil buairt ar Rialtas na Éireann faoi longa Rúiseacha? An bhfuil an bhuairt chéanna orthu faoi longa Sasanacha? An sárú neodrachais é Éire a bheith páirteach i gcomhghuaillíocht chabhlaigh na hEorpa?