Tá cás dlí le déanamh ag lorg athbhreithniú breithiúnach ar an gcaoi ar chaith an stát le saincheisteanna féiniúlachta inscne le teacht os comhair na hArd-Chúirte go luath.
Tá an cás i gcoinne an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte á dhéanamh ag an Ollamh Donal O’Shea agus ag an síciatraí an Dochtúir Paul Moran, síciatraí comhairleach sa tSeirbhís Náisiúnta Inscne.
Rinne an tOllamh O’Shea agus an Dochtúir Moran gearán foirmiúil bliain go leith ó shin i gcoinne Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leis an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte maidir le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a bheith ag atreorú daoine óga le féiniúlacht inscne a mheasúnú thar lear, ag rá go raibh sé ina riosca do na leanaí seo.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!