Jenna Goulding

Bhí an Phicnic Leictreach sna ceannlínte le déanaí mar gheall ar an bhfógraíocht faoi na príomhoirfidigh agus na láithreacha campála d’fhéile na bliana seo. Tá sé go hiontach an Láthair Ghaeltachta a fheiceáil arís i mbliana.

Tháinig an Láthair Ghaeltachta chuig an bhféile in 2018 den chéad uair. Ó shin i leith, tá méadú tagtha ar an éileamh atá uirthi agus tá sí curtha in áirithe le blianta beaga anuas. Sa láthair champála seo tá deis ann a bheith i bpuball le Gaeil eile.

Cruthaíonn Conradh na Gaeilge an pobal seo chun deis a thabhairt do lucht freastail na féile a gcuid Gaeilge a úsáid le linn an deireadh seachtaine. Tá an-suim sa láithreán campála Gaeltachta agus tá an Chollchoill ag méadú gach bliain.

Beidh an Chollchoill ag filleadh arís i mbliana mar chuid de Chroí na Féile chomh maith. Is stáitse é seo chun ceol Gaelach, teanga agus cultúr a cheiliúradh thar an deireadh seachtaine. Beidh ceol traidisiúnta agus cultúr Gaelach ann ag an stáitse seo. Tá Trá Pháidín, Bandia, agus Ailbhe Ní Riain ar roinnt de na healaíontóirí a bhí ann anuraidh.

Is iad Hozier agus Chappell Roan na príomhoirfidigh a bheith ag oscailt na féile oíche Dé Aoine. Beidh Sam Fender agus Fatboy Slim ag seinm oíche Dé Sathairn. Chomh maith leis sin, beidh Kings of Leon ag seinm oíche Dé Domhnaigh. Níl ach na healaíontóirí seo atá fógartha go dtí seo.

Táthar ag súil go mbeidh tacaíocht le feiceáil do na healaíontóirí Éireannacha nuair a fhógrófar an chuid eile de na míreanna. B’fhéidir go mbeidh Kneecap ann. Tá siadsan ag seinm ag Coachella an deireadh seachtaine seo. Tá sé iontach a fheiceáil go bhfuil ag éirí chomh maith sin leis an ngrúpa go hidirnáisiúnta agus iad ag seinm ag ceann de na féilte ceoil is mó.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.