
Grianghraf: Eric Jones / Geograph Britain and Ireland
Is léir go bhfuil géarchéim thithíochta in Éirinn. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin an tseachtain seo caite go gceapfar sár tithíochta go luath.
Dúirt sé go bhfuil an Roinn Tithíochta ag bunú Oifig Straitéiseach Tithíochta. Chomh maith leis sin, tá duine aitheanta mar shár tithíochta agus is léir go bhfógróidh an tAire Tithíochta é sin roimh dheireadh na míosa. Tá sé mar aidhm leis an próiseas tógála a chuíchóiriú agus aon bhacainní ar fhorbairtí a chosc.
Luaigh an Taoiseach gurb í an tithíocht an tosaíocht is mó ag an rialtas. I measc na saincheisteanna a bhaineann le tithíocht tá criosanna brú cíosa, athchriosú talún le haghaidh tuilleadh tithíochta, agus pleanáil.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!