Uaigh Wolfe Tone

A chara,

Tugann poblachtánaigh cuairt ar Bhaile Bhuadain, gar do na Solláin, Co. Chill Dara, gach samhradh chun ómós a thabhairt “d’athair an Phoblachtánachais Éireannaigh”,  Theobald Wolfe Tone.

Thug an tÉireannach Óg, Tomás Dáibhís, cuairt ar an uaigh in 1843. Ina dhiaidh sin scríobh sé an t-amhrán Tone’s Grave. Is é seo a leanas an chéad véarsa:

In Bodenstown churchyard there is a green grave,
And wildly around it the winter winds rave;
Small shelter I ween are the ruined walls there
When the storm sweeps down on the plains of Kildare.

Sna blianta ina dhiaidh sin thug neart Fíníní agus réabhlóidithe mór le rá amhail Seán Ó Dubhuí, Fred Allan, Séamas Ó Conghaile, Tomás Ó Cléirigh, Constance Markievicz, Máire Mhic Shuibhne agus Peadar Ó Domhnaill óráid in aice le huaigh Tone nó cuairt uirthi.

Is scannal é, mar sin, go dteastaíonn ó úinéirí na páirce le hais na reilige ina bhfuil Tone an láthair a fhorbairt ar mhaithe le brabús a dhéanamh. Cheannaigh Amendeoira Developments an talamh taobh leis an reilig stairiúil seo le déanaí. Comhlacht áitiúil is ea é faoi stiúir Seamus agus Judy McCarthy, ar tugadh cead pleanála dóibh reilig nua phríobháideach a thógáil.

Beidh suíomhanna adhlactha á ndhíol ag muintir McCarthy ar luachanna ag brath ar a gcóngaracht le huaigh Tone. Beidh €5,000 le híoc ar na suíomhanna is faide ar shiúil, agus beidh €12,500 le híoc ar na cinn is cóngaraí.

Is iarracht shuarach é seo leas a bhaint as oidhreacht Tone mar chleas margaíochta chun an méid is mó airgid a bhaint ó dhaoine. Scarfar iad siúd a gheobhaidh bás amach anseo i sraitheanna bunaithe ar a maoin. Is masla é seo ar streachailt saoil Tone ar son na cothromaíochta, an chirt agus an bhráithreachais. 

Léiriú eile é seo ar chultúr an ghaimbíneachais atá i réim sa tír sa lá atá inniu ann.

Mar phoblachtánach, agus mar shaoránach, diúltaím glan don mhíleas seo atá á bhaint as oidhreacht Tone. Ní earraí tráchtála iad uaigheanna ár dtírghráthóirí. Bíodh meas ar Fhíníní atá imithe ar shlí na fírinne!

Is mise, 

Rónán Ó Ruairc
Cill Chéile
Co. Chill Dara

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.