Dé hAoine an 11 Aibreán

Ciorcal comhrá
Leabharlann Dhún Garbhán
12 meán lae
Saor in aisce, fáilte roimh chách

Ciorcal comhrá
Tabhairne Stores, Port an tSalainn, Tír Chonaill
Am lóin 1 go 2.30 pm
Fáilte agus fiche
roisinfgb@gmail.com
Comhar Fhánada agus Ghleann Bhairr

Rang Gaeilge do thosaitheoirí
Blaiseadh den Ghaeilge ag Féile Foghlama Saoil Luimnigh
Teach Marshall, Ionad Tacaíochta Oideachais Luimnigh, Tuar an Daill, Luimneach V94 HAC4
6 go 7.30 pm
Saor in aisce agus cupán tae, páirceáil saor in aisce
Eolas eolas@comhluadarluimnigh.ie, 089-4106637

Comórtas bácála
Club na nDéagóirí, daltaí idirbhliana, séú bliain
Cuireadh do lucht na hArdteiste
Bí linn i ndiaidh na scoile
5.30 go 7 pm
Oifig Mhuineachán le Gaeilge, Sráid na Páirce, Muineachán H18 AH63
eolas.mlg@cnag.ie
Fáilte roimh gach dalta

Tráth na gceist
Cumann Chluain Árd, Béal Feirste
8 pm
Foirne de suas le cúigear
Mórdhuais is fiú £100
Saorchead isteach

Dé Sathairn an 12 Aibreán

Rith páirce le Parkrun le Gaeilge
Páirc an Bhaile, Leitir Ceanainn
9.30 am
Líonra Leitir Ceanainn lionralc.ie

Cuideachta – Siúlóid Threoraithe
Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
2.30 pm
Níl costas ach clárú oisin@tuismitheoiri.ie, 085-2198927
Tuismitheoirí na Gaeltachta

Ceiliúradh 90 Bliain Ráth Chairn
5 pm Crosbhóthair Chatháin
7 pm an Gáirdín Cuimhneacháin
8 pm an Seomra Oidhreachta: léacht, ceol & sóláistí
Ionad Oidhreachta Ráth Chairn
Áras Pobail Ráth Chairn, Co na Mí C15 E8FT
Tá muid ag súil le bhur gcomhluadar

Seisiún traidisiúnta
Comhaltas Bhaile Núis, Co Chorcaí
I mBeár Diamond, Béal na Blá
8.30 pm
Fáilte roimh chách agus ceoltóirí

Dé Domhnaigh an 13 Aibreán

Maidin chaifé
Imeacht tiomsaithe airgid
Ionad Pobail an Chaisleáin Ghlais, Bóthar an Mhuillaigh Dhuibh, Seisceann Siúil, An Ómaigh
Ealaín, cístí ar diol, péinteáil aghaidhe, raifil
9.30 am go 1.30 pm
Rachaidh an t-airgead a thiomseofar chun sochair d’ionad soghluaiste máithreachais le cúram neamhbhreithe agus breithe a chur ar fáil do mhná Gaza
Ón Chaisleán Ghlas go Gaza

Comóradh na Cásca
Reilig Chnoc an Arbhair, BÁC 7 D07YRRZ
2 pm
1916 agus Inniu, leanann an streachailt
Gluaiseacht Óige Uí Chonghaile

Seo Linn
Whelan’s, Sráid Loch Garman, BÁC 8
8 pm
Ticéidí whelanslive.com / seolinn.com

Dé Luain an 14 Aibreán

Gligíní
Grúpa tuismitheoirí agus tachrán

Ionad Pobail Mhachaire Rabhartaigh
10 go 11.30 am
Eolas agus clárú oisin@tuismitheoiri.ie 085-2198927
Tuismitheoirí na Gaeltachta

Caife agus comhluadar beo
Grúpa tuistí agus leanaí, 0 go 5 bliana d’aois
Áras Inse Chór, Corrán Grattan, Inse Chór, BÁC 8
10 go 11.30 am
Eolas tara@glornangael.ie
Fáilte roimh chách
Beidh sos coicíse ann don Cháisc

Tráth na gCeist
Óstán Clayton, Cé Lapps, Cathair Chorcaí
7 i.n.
Ceisteanna dátheangach chun daoine gan Gaeilge líofa a chur ar a suamhneas, is ócáid ana shóisialta é gach bliain, fáilte isteach do ghach éinne. Bíonn cupán tae againn leath-am agus caint, comhrá faoi lán tseol! Cuirimíd aon bhrabús atá fágtha ar aghaidh chuig UNICEF chomh maith.

Dé Máirt an 15 Aibreán

Caife agus comhrá
Oifig Líonra Leitir Ceanainn, Sr. an Chaisleáin F92YP93
10 am
Craic, comhrá agus tae/caife
Is cuma thú líofa nó ag foghlaim

Buíon píobairí Thomáis Mhic Curtáin
Ranganna do thosaitheoirí agus iad siúd a bhfuil taithí acu ar phíobaireacht
Ranganna drumaí
Foghlaim fonn Gaelach
Ionad Pobail na Linne Duibhe, Corcaigh
Clárú 085-7314348

Dé Céadaoin an 16 Aibreán

Ceardlann mhaisiúchán na Cásca
Gteic, Carna
7 go 9 pm
Níl aon chostas ach clárú opt@conamaralair.ie
Forum Chonamara CLG

Comórtas na Cásca
Duais dearbhán €100
Seol do phictiúr ón gceardlann, ón scoil, nó aon sórt pictiúir maidir leis an gCáisc chuig opt@conamaralair.ie
Spriocdháta an 25 Aibreán

Déardaoin an 17 Aibreán

Club Óige
Páirc na Mara, Áth na Long, Co. an Dúin
5.30 go 7.15 pm
Imeachtaí go leor trí Ghaeilge: cluichí éagsúla, leadóg bhoird, púl, ceardlann, ealaíne, bácáil agus go leor eile
boircheiochtar@gmail.com
Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar

Meitheal Léitheoireachta
Siúl Eile Space, an Coirnéal, Bearna, Co. na Gaillimhe
6 go 7 pm
Róisín, 086-0819446


Cló Iar-Chonnacht ag ceiliúradh 40 bliain ag Cúirt 2025

An Taibhdhearc, Gaillimh
Domhnach an 13 Aibreán, 2 go 10 pm

2 pm Dinnseanchas le Michelle Nic Pháidín & Eithne Ní Ghallchobhair
Fear an tí Micheál Ó Conghaile, ticéad €12/€10

5 pm Ar Thóir Bhríd Ní Mháille
Léacht dhrámatúil, ceol agus caointeoireacht le Caitlín Ní Chualáin,
Bríd Ni Churraoin agus Eoghan Ó Riada
Ticéad €12/€10

8 pm Ceiliúradh ceoil agus filíochta
Leabhar Mór na nAmhrán agus Cnuasach Gearr Gonta
Céad Dán le Céad File
Le Lillis Ó Laoire, Máirtín Tom Sheáinín, Caitlín Ní Chualáin.
Eithne Ní Ghallchobhair, Marcus Mac Conghail, Nóirín Ní Ghrádaigh,
Colm Ó Dubháin
Ticéad €16/€14, cuirt.ie


Féile an Phobail, Inis Oírr

An 11 go dtí an 13 Aibreán

Dé hAoine an 11 Aibreán

7.30 pm Seoladh na Féile le Amy Sharry
Áras Éanna

Éad le hIdirbhliain 2024
An tOileán le Amy Sharry
Barracuda le Ferdia Mac Eoin
Ceisteanna agus freagraí le Ferdia agus Amy ina dhiaidh
Portráidí, taispeántas grianghrafadóireachta le muintir Inis Oírr

10 pm Seisiún ceoil Tigh Ned

Dé Sathairn an 12 Aibreán

10.30 am Ceardlann sorcais, 0 go 13 bliana d’aois
le Juggle.ie
sa halla

1 pm
Aifreann agus cupán tae
Séipéal

1.30 pm Ceardlann sorcais do dhéagóirí sa halla

2.15 pm Lán-Scamhóg den Anáil
Dánta beaga bídeacha & ceol nuachumtha
Caifé Áras Éanna

3 go 5 pm Comórtas Iascaireachta ón gCarraig, os cionn 12 agus faoi 18 le duine fásta
3 pm Clárú Tigh Ned
5 pm Críoch agus bronnadh Tigh Ned

7.30 pm Céilí le Ceoltóirí Chonamara & oíche airneáil don phobal
Chuile Aois

Dé Domhnaigh an 13 Aibreán

10.45 am Clárú san óstán

11 am Péinteáil éadáin agus taispeántas scileanna sorcais Astro

11 am Babhláil bhóthair, os cionn 14 bliana d’aois

11.30 am Blitz sacair faoi 14, Astro

2 pm Críoch agus bronnadh, Óstán

Beidh cailc shráide ar siúl ar feadh na deireadh seachtaine ar an mbóthar taobh thoir de Thigh Ruairí.
Cailc dhaite ar fáil. Oscailte do chuile aois.
aras-eanna.ie


Campa Cásca, Ionad na Dromoda

An 14 go dtí an 18 Aibreán

10 am go 2 pm
Imeachtaí, cocaireacht, ealaín, ceardaíocht, spóirt éagsúla, rince Gaelach, tóraíocht taisce
Páistí bunscoile €70 an páiste, €130 do bheirt, €130 do thriúr
Eolas agus áirithint 087-9961340, cnaguibhrathaigh@gmail.com
Craobh Uíbh Ráthaigh, Conradh na Gaeilge

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.