
Bhí an-rath ar Fhéile Náisiúnta Dhrámaíochta 2025 a reáchtáladh ag an deireadh seachtaine in Amharclann Bhearna na Sceiche, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí. Léiríodh éagsúlacht seánraí, ina measc: drámaí ilghníomh, gearrdhrámaí agus sceitsí. Bronnadh seacht ngradam ag deireadh na féile agus mhol Uachtarán an Oireachtais 2025, Éamon Ó Cuív, réimse agus caighdeán na léirithe, sceitsí na ndaoine óga ach go háirithe, nuair a bhí na gradaim sin á mbronnadh aige.
“Comhghairdeas ó chroí le gach éinne a bhí páirteach i bhFéile Náisiúnta Dhrámaíochta 2025” a dúirt Muireann Ní Dhroighneáin, Comhordaitheoir Náisiúnta Taibhealaíon an Oireachtais. “Gabhaimid buíochas leo siúd a chabhraigh le heagrú na féile, le hAmharclann Bhearna na Sceiche a bhí inár dteannta chun na duaiseanna a bhronnadh. Táimid ag súil go mór le bheith ag comhoibriú leis na compántais arís go luath, cinn nua a spreagadh, agus a bheith ag neartú agus ag cothú na drámaíochta amaitéaraí ar fud na tíre le chéile”.
Bronnadh gradam ar Marina Ní Dhubháin, Aisteoirí Bhréanainn, as an dráma nuascríofa ‘Na Gealáin’ a stiúradh. Éacht léirithe a bhí sa dráma seo, ó phinn seisear scríbhneoirí, a chum gníomh amháin an duine; sé (6) scéal an-éagsúil ar fad faoi eachtraí a tharla le linn do na gealáin thuaidh a bheith ard sa spéir.
Bronnadh gradam aisteoireachta ar Mháiréad Ní Shúilleabháin, Aisteoirí an Lóchrainn, as a páirt, Lesley, sa dráma, ‘An Dealg a Tharraingt’, a scríobh Cathal Ó Catháin.
Seo í an chéad bhliain ar reáchtáil an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta an fhéile faoi scáth an Oireachtais, faoi réir chlár maoinithe na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Fógrófar dáta agus ionad Fhéile Náisiúnta Drámaíochta 2026 go luath.
Beidh pacáistí tacaíochta á gcur ar fáil ag an Oireachtas freisin don drámaíocht amaitéarach idir nua agus seanbhunaithe, roimh dheireadh na bliana. Breis eolais ag taibhealaiona@antoireachtas.ie