Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Agus Lá Féile Pádraig beagnach tagtha linn foghlaimeoid faoin táirge Éireannach is cáilúila seachas Guinness, is é sin arán Uí Bhraonáin. Tosaíonn an scéal seo in 1974 le Joseph Brennan ó Ráth Fearnáin i nDeisceart Bhaile Átha Cliath. Thosaigh Joseph ag bácáil builíní i bhfoirgneamh aon seomra amháin i Lána Fumbally sular bhog sé go Camaigh. Go gairid ina dhiaidh sin bhog sé go Baile Bhailcín agus is ansin atá Arán Uí Bhraonáin lonnaithe sa lá atá inniu ann. Cé gur gnólacht mór idirnáisiúnta atá ann, tá sé fós faoi úinéireacht mhuintir Uí Bhraonáin. Tá clú agus cáil ar an ngnólacht mar gheall ar na fógraí ceanúla ar an teilifís agus ar an raidió. Tá cáil orthu freisin mar gheall ar an bhfrása “Arán an lae inniu, inniu”. Cuimneoidh muintir na hÉireann freisin guth an chomhlachta, an Braonánach, agus a bhlas láidir tuaithe.

Tá an táirge seo ar fáil thar sáile sa Fhrainc, in Abu Daibí, sa Phóirtaingéil, agus sa Bhreatain. De réir gnólacht margaíochta darb ainm Kantar is é arán Uí Bhraonáin an t-arán is mó a bhfuil tóir air ó 2017 i leith. Ar an drochuair cailleadh bunaitheoir an chomhlachta, Joseph Brennan, anuraidh ar an 26 mí na Bealtaine 2024. Deireadh ré a bhí ann ach is léir go bhfanfaidh Arán Uí Bhraonáin i gcroí mhuintir na hÉireann go ceann i bhfad mar gheall ar a bhlasta is atá sé, na fógraí a gcuimhnímid orthu ónár n-óige, agus an rath atá ar an ngnólacht Éireannach.


Ceisteanna buntuisceanna

  1. Cé a bhunaigh Arán Uí Bhraonáin?
  2. Cén áit a raibh an gnólacht lonnaithe ar dtús?
  3. Cén áit ina bhfuil siad lonnaithe sa lá atá inniu ann?
  4. Cén t-ainm atá ar bhunaitheoir an chomhlachta?
  5. Cad é mána an chomhlachta a chloistear ar an raidió?
  6. Cá háit a bhfuil arán Uí Bhraonáin ar fáil thar lear?
  7. Céard a fuair an comhlacht margaíochta Kantar amach in 2017?
  8. Cén fáth a bhfanfaidh Arán Uí Bhraonáin beo cé gur cailleadh an bunaitheoir?

Ceapadóireacht

Scríobh fógra i nguth an Bhraonánaigh as Gaeilge ag moladh an táirge le haghaidh Sheachtain na Gaeilge. Déan tagairt d’Éirinn agus rudaí Gaelacha agus mínigh conas atá sé mar chuid lárnach d’fhéiniúlacht na tíre.