Deireadh seachtaine mór do lúthchleasaithe na hÉireann

An 38ú bliain de chraobhchomórtas lúthchleasaíochta faoi dhíon na hEorpa ar siúl san Ísiltír

Cóilín Duffy

Beidh an 38ú craobhchomórtas Eorpach lúthchleasaíochta faoi dhíon ar siúl an tseachtain seo agus tá plúr lúthchleasaithe na hÉireann ag súil leis in Apeldoorn, an Ísiltír, timpeall 70 míle soir ó Amstardam.

Sa chraobhchomórtas seo beidh seachtar lúthchleasaithe Éireannacha ag glacadh páirte den chéad uair agus beidh meascán idir taithí agus aghaidheanna nua ann. Ach ní faoi na réaltaí baile amháin atá an lúthchleasaíocht agus tá sceitimíní ar go leor den lucht féachana faoi lúthchleasaithe idirnáisiúnta chomh maith. Is cinnte go mbeidh spéis óllmhór á chur in Jackob Ingebrigtsen agus Femke Bol, agus Ingebrigtsen ag dul don tríú craobh dhúbailte aige.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!