Amhrán na seachtaine: Óró, sé do bheatha ‘bhaile

(Cúrfá)
Oró, sé do bheatha ‘bhaile,
Oró, sé do bheatha ‘bhaile,
Oró, sé do bheatha ‘bhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh.

‘Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar,
do ba é ár gcreach tú bheith i ngéibheann,
do dhúiche bhreá i seilbh méirleach,
is tú díolta leis na Gallaibh.

Cúrfá

Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile,
óglaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Gaill ná Spáinnigh,
is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.

Cúrfá

A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceann,
mura mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain,
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch,
ag fógairt fáin ar Ghallaibh.

Cúrfá

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.