Trí bliana ó shin bhí Niall Mac Giobúin agus a phairtí, Maya, lonnaithe san Iodáil le radharcanna áille, bia blasta agus aimsir ghléigeal ar an doras acu. Ach níor leor é don fhear óg arb as Contae na Mí ó dhúchais dó. Bhí fonn air filleadh abhaile go hÉirinn ach, de dheasca easpa tithíochta, ba bheag seans go dtarlódh sé. Go gairid tar éis dó tús a chur lena thaighde maidir le bogadh abhaile, tháinig sé ar leathanach Twitter, nó X mar a thugtar air anois, ó thascfhórsa Uíbh Ráthaigh i gCiarraí Theas. Grúpa tras-earnála é an tascfhórsa a bunaíodh faoi chathaoirleacht Údarás na Gaeltachta in 2017 chun díriú ar an bhfadhb a bhaineann le creimeadh daonra leanúnach sa cheantar. D’fhoilsigh Caitlín Breathnach, bainisteoir tionscadail leis an tascfhórsa, fógra sa tóir ar dhaoine a mbeadh suim acu maireachtaint sa Ghaeltacht. Tar éis teagmháil a dhéanamh le Caitlín, bhí Niall ar eitilt abhaile, agus Maya leis. Cé gurbh é seo chéad uair riamh do Maya teacht chun na tíre seo, thug an bheirt acu aghaidh ar an Dromaid ar leithinais Uíbh Ráthaigh chun saol nua a bhaint amach dóibh féin.
“Bhí mé féin agus Maya i gcaoga tír ach níl aon rud cosúil le Ciarraí Theas. Tá na sléibhte ann, na haibhneacha, tá sé go hálainn. Is áit ana-shuaimhneach í agus tá saol ana-dheas againn,” a deir Niall. Tá an t-ádh leis an lanúin mar gheall ar an gcianobair a fuaireadar mar ghníomhairí taistil chun súp a bhaint as a mórthimpeall.