Tá an t-earrach faoi lán seoil. Buíochas mór le Dia tá deireadh leis an mbáisteach dhamnaithe agus le seachtain anuas fuaireamar an-chuid gréine. Mar sin thapaigh mé an deis dul ar ais ag traenáil. I rith an gheimreadh bhris mé mo rosta agus ní raibh mé in ann aon spórt nó traenáil chrua a dhéanamh. Spreag an dea-aimsir dom clárú le club nua agus anois táim ag imirt peile agus iomána leis an gclub áitiúil. Níl aon rud níos fear ná pocáil thart faoin ngréin. Ní fhaigheann muid mórán gréine in Éirinn ach le déanaí is cosúil go raibh sé go dona ar fad. Tá an spórt iontach tábhachtach don mheabharshláinte. Nuair a théann daoine in aois stopann daoine an spórt, cailíní óga go háirithe thart ar aois 16. Tá an comhluadar a théann leis na cluichí agus an traenáil thar a bheith tábhachtach. Táthar ag tuairisciú le roinnt blianta anuas go bhfuil fadhb ann le huaigneachas. Is leigheas iontach ar an bhfadhb seo an spórt. Ní chaithfidh tú a bheith i d’imreoir. Is féidir leat ról cóitseála a ghlacadh nó fiú a bheith mar rúnaí an chlub má thaitníonn cúrsaí riaracháin leat. Bíonn pobal ann le gach club agus is minic a bhíonn an club spóirt mar chroílár an bhaile i roinnt bailte fearainn nó sráidbhailte in Éirinn.
Chomh maith leis na buntáistí a bhaineann le spórt a phiocadh suas, má tá suim ag éinne páirt a ghlacadh i CLG is am iontach é anois. Deirtear sna meáin go bhfuil athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair agus is léir go bhfuil rath de shaghas éigin ar an tsuim nua seo sa teanga. Is múinteoir staire mé féin agus nuair atá stair CLG á múineadh agam deirim le mo chuid scoláirí gurb é bunú agus scaipeadh CLG an chuid is rathúla de thréimhse na hathbheochana. D’éirigh le Conradh na Gaeilge an Ghaeilge a shábháil agus a chur chun cinn do na glúine a bhí le teacht ach d’éirigh le CLG ár gcluichí dúchasacha a spreagadh agus scaip sé ina loscadh sléibhe. Tá club CLG i ngach baile in Éirinn, agus tá na céadta club thar lear chomh maith. Más Gael thú is am iontach é seo leis an dea-aimsir, agus an tsuim nua sa Ghaeilge, ár gcluichí dúchasacha a phiocadh suas agus a bheith i d’fhíor-Ghael! Tá an-chuid buntáistí ann agus bheadh sé an-fhiúntach duit.