Trump agus Zelenskyy, an cairde iad arís?

Domhnall Mac Concharraige

Dúirt Trump nach mbeadh sé sásta “cur suas” le reitric Volodymyr Zelenskyy i bhfad eile. Dúirt sé agus é ag ullmhú le casadh lena fhoireann agus tar éis an chruinnithe sheafóidigh san Oifig Ubhchruthach le hUachtarán na hÚcráine go bhfuil an ráiteas is measa fós déanta ag Zelenskyy, agus chuir sé i leith Zelenskyy go bhfuil sé ag cur fad leis an gcogadh, agus nach raibh sé ag iarraidh síochána. Chuir sé an locht ar cheannairí na hEorpa freisin agus dúirt sé nach mbeadh siad in ann “an jab a dhéanamh gan na Stáit Aontaithe”.

Bhí Trump ag tagairt do ráiteas a thug Zelenskyy nuair a d’admhaigh sé nach bhfuil deireadh an chogaidh ar na bacáin. Agus é i Londain ag casadh le ceannairí na hEorpa ag lorg breis cúnaimh, labhair Zelenskyy leis na meáin ón Úcráin agus dúirt sé go raibh sé múiníneach go leanfaidh an caidreamh idir Meiriceá agus an Úcráin in anneoin an cruinnithe lán le teannas a bhí idir é féin agus Trump. Sa ráiteas céanna, áfach, dúirt sé go raibh deireadh an chogaidh i bhfad uainn.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!