Rinne an Ríocht Aontaithe dlí a achtaíodh sa bhliain 1737 a aisghairm, dlí a chuir cosc ní hamháin ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna, ach a rinne cion coiriúil de. D’fhógair Hilary Benn Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, go raibh sé chun fáil réidh leis an dlí seo, gníomh a thagann sna sálaí ar idirbheartaíocht a tharla in 2020. Cé nach raibh an dlí seo in úsáid ar feadh na gcéadta bliain agus nár tugadh aird ar bith air ó d’imigh an fheidhm uaidh, léiríonn a leithéid an cineál sochaí choilíneach ghéarleanúnach sheicteach chiníoch a chuir an Bhreatain i bhfeidhm sa tír seo go stairiúil, oidhreacht nach bhfuil deireadh léi fós i ndáiríre.
Tá Gaeil an lae inniu go hiomlán eolach ar an streachailt le stádas nó meas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge, ní hamháin sna sé chontae i dTuaisceart Éireann atá fós faoi riail na Breataine, ach i stát na 26 chontae chomh maith atá in ainm is bheith neamhspleách.