Ceol Kneecap: Ag athbheochan na Gaeilge i measc na n-óg

Jenna Goulding

Is grúpa rap as Éirinn é Kneecap a bhfuil tionchar mór acu ar thuairimí daoine óga maidir leis an nGaeilge. Tá a n-ábhar lán le téamaí sóisialta, polaitíochta, agus cultúrtha. Leis an stíl uathúil atá acu, tá Kneecap in ann an Ghaeilge a chur ar fáil ar bhealach atá tarraingteach agus comhoiriúnach le saol laethúil na n-óg.

Bunaíodh Kneecap in 2017, leis a gcéad amhrán ‘C.E.A.R.T.A.’. Ó shin, tá go leor amhrán curtha amach acu ag plé topaicí difriúla maidir le saol na nÉireannach, idir shean agus óg. Cuireann siad an Ghaeilge ar fáil i gcomhthéacs nua-aimseartha. Cabhraíonn sé sin leis an nGaeilge a chur i láthair ar bhealach atá an-chosúil le hip-hop agus rap idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, feiceann daoine óga go bhfuil an Ghaeilge á húsáid go gníomhach i saol na n-óg.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!