Líonaimis an bolg an Mháirt Inide seo, agus faighimis spléachadh ar an todhchaí!

Aedín Ní Thiarnaigh

Is cuma féile thraidisiúnta in Éirinn a bheith mór nó beag, is iomaí seoid seanchais a bhíonn le haimsiú ina leith, ach dul ar a dtóir. 

Is fíor seo go háirithe maidir leis an gcéad fhéile eile atá ag teannadh linn, Máirt na hInide, nó Lá na bPancóg mar a thugtar go coitianta uirthi. 

Déantar ceiliúradh ar an bhféile seo ar fud an domhain, an Mardi Gras in New Orleans, mar shampla, agus carnabhail ar fud na hEorpa. Ach cén bunús atá leo?

Tá dlúthbhaint ag an scéal le troscadh an Charghais. In Éirinn, ghlactaí go han-dáiríre leis an troscadh anallód agus bhíodh cosc ní hamháin ar fheoil, ach ar ábhar déiríochta chomh maith.

Chuige seo, bhíodh daoine ag iarraidh féasta mór deiridh a bheith acu roimh Chéadaoin an Luaithrigh, agus na nithe sin sa teach nach gceadófaí a ithe ar ball a úsáid sula gcuirfí tús leis an troscadh. An bealach ab fhearr agus ab fhusa le seo a dhéanamh ná slám pancóg a réiteach!

Leathanach ó leabhrán bhailiúchán na scol, saor le húsáid ach CBÉ a ainmniú: Baile Choitín, Corcaigh, Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0394, Leathanach 091.
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Is mar a chéile bunús an traidisiúin i bhformhór na n-áiteanna ina ndéantar an fhéile a cheiliúradh, ach bhíodh cúpla traidisiún ag muintir na hÉireann a dhéanann idirdhealú idir sinn agus tíortha eile.

Ba nós é i roinnt mhaith áiteanna, mar shampla, beagán de chuileann na Nollag a choinneáil agus é a dhó sa tine ar a ndéantaí na pancóga, ar mhaithe le hádh a chur ar mhuintir an tí.

Chomh maith leis seo, bhíodh an-chuid spóirt ag daoine ag caitheamh na bpancóg in airde. Déantar seo ar fud na cruinne dár ndóigh, ach in Éirinn bhí beagán níos mó ag baint leis an gcluiche, mar ghlactaí leis an toradh mar thuar pósta.

Déantar pancóga a chaitheamh in airde ar fud an domhain, ach bhí nósanna speisialta ag muintir na hÉireann i leith an chluiche.
Íomhá: Mná ag caitheamh pancóg in Oswestry, Sasana in 1955

Ba í an cailín ba shine sa teach a théadh sa seans ar dtús de ghnáth. Dá n-éireodh léi an phancóg a chasadh agus a chur ar ais ar an bpanna, bheadh a rogha fear ar fáil aici, agus phósfadh sí go luath. Dá dtitfeadh an phancóg áfach, bheadh mí-ádh uirthi agus deirtí nach bpósfadh sí go ceann bliana ar a laghad.

Cluiche coitianta eile a dhéantaí an oíche chéanna ba ea go gcuireadh bean an tí a fáinne pósta san fhuidreamh agus, ar aon dul leis an mbairín breac Oíche Shamhna, deirtí go mbeadh an chéad phósadh i ndán don té a gheobhadh an fáinne, agus go mbeadh ádh ar an bpósadh. 

B’aerach na cluichí iad, ach bhíodh nósanna eile á gcleachtadh an tráth seo den bhliain nach raibh chomh héadrom céanna. 

Ba é an fáth go mbíodh an pósadh ag croí na gcluichí seo ná nár ceadaíodh póstaí le linn an Charghais. Agus an fhéile ag druidim leis na daoine mar sin, bhíodh fuadar faoi lucht déanta cleamhnais. Mura n-éireodh leo a margadh a dhéanamh in am, dhéantaí ceap magaidh de dhaoine neamhphósta ar roinnt bealaigh éagsúla, agus cuid acu ní ba mhaslaí ná a chéile. 

Mharcáiltí daoine gan phósadh le cailc ar a mbealach isteach nó amach ón Aifreann an chéad Domhnach eile mar shampla. Thugtaí ‘Domhnach Cailce’ agus ‘Domhnach na Smut’ ar an lá seo. B’olc an chaoi ar caitheamh le daoine i gCorcaigh agus i gCiarraí, mar ar scríobhtaí rannta gránna fúthu a chuirtí i gcló agus a scaiptí ar fud an bhaile! 

Más suimiúil an t-ábhar plé iad na nósanna dímheasúla seo, a thugann léargas fiúntach dúinn ar stádas sóisialta agus ar mheon na ndaoine fadó, is maith go bhfuil siad imithe as faisean le fada an lá. 

Maidir le cluichí na bpancóg áfach, sin anois nós a mbeinn i bhfabhar a athbheochana. B’fhéidir go rachaidh mé féin sa seans i mbliana go bhfeicfaidh mé an fada uaim an fáinne pósta!

Is í Dé Máirt an 4 Márta Máirt na hInide 2025.