Seasca bliain ó shin: Feallmharú Malcolm X

Aindrias Ó Cathasaigh

Maraíodh Malcolm X seasca bliain ó shin i mBálseomra Audobon i Nua-Eabhrac. Bhí sé ar tí labhairt ag slógadh ansin nuair a rith triúr i dtreo an ardáin, ag scaoileadh urchar leis. Fuair sé bás ráithe roimh aois an dá scór a bhaint amach.

Rugadh Malcolm Little in Omaha céad bliain ó shin. Bhásaigh a athair agus é óg, de thimpiste, go hoifigiúil, ach bhí amhras ann gur ionsaí ciníoch a rinneadh air ó bhí sé páirteach i bhfeachtais ar mhaithe leis an bpobal dubh. Cé go raibh Malcolm éirimiúil ar scoil agus súil aige a bheith ina dhlíodóir, dúirt múinteoir geal leis nárbh fhiú d’fhear dubh a bheith ag tnúth lena leithéid. Chaith sé roinnt blianta i mbun mionchoiriúlachta sular rugadh air in 1946.

Malcolm X (ar dheis) in eineacht le Martin Luther King in 1964.
Grianghraf: Marion S. Trikosko / Library of Congress

Sa bpríosún thosaigh sé ag léamh agus ag foghlaim faoi Náisiún Ioslam, grúpa a chreid nárbh fhada go gcuirfí deireadh le réim an chine ghil agus go bhfaigheadh an pobal dubh a gceart. Ba ghearr go raibh sé ag tabhairt Malcolm X air féin, ag séanadh an tsloinne a bhrúigh máistir éicint ar a shinsir agus iad ina ndaoir.

Nuair a ligeadh Malcolm amach in 1952 chuaigh sé ag obair do Náisiún Ioslam. Bhí bua na cainte aige gan aon agó, agus b’iúd leis ag earcú ball agus ag bunú teampall ar fud na tíre. Ba scorn leis feachtais liobrálacha ar shon cearta sibhialta, é ag spreagadh daoine dubha chun saoirse iomlán a éileamh, “ar cibé modh is gá”.

Faoi thús na 1960í, áfach, d’éirigh idir é agus Náisiún Ioslam. Choisc siad ar bhaill páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta, fiú nuair a bhí Meiriceánaigh Afracacha á n-ionsaí ag póilíní. Nuair a bhuail Malcolm le ceannairí gluaiseachtaí a bhain neamhspleáchas amach do thíortha san Afraic, fuair sé léargas níos leithne ar chúrsaí. Bhí amhras air freisin nach raibh teagasc Náisiún Ioslam dílis don chreideamh Moslamach, agus go raibh coireanna gnéasacha ar bun ag a gceannaire.

Scar sé le Náisiún Ioslam in 1964, agus bhunaigh sé eagras nua. Bhí ainm lán-Mhoslamach air anois, el-Hajj Malik el-Shabazz, agus rinne sé oilithreacht ar Mheice. Thug sé cuairt ar roinnt tíortha, agus labhair sé leis an iliomad dreamanna sna Stáit Aontaithe.

Deireadh sé roimhe seo nach raibh páirt ar bith le déanamh ag daoine geala sa troid in aghaidh an chiníochais, ach bhí a dhearcadh ag athrú anois. Má bhí daoine geala sásta tacú go hiomlán leis an gcath a bhí daoine dubha a chur, gan teorainn dá gcuid féin a chur leis, an scéal a thuiscint de réir mar a bhain sé le daoine dubha féin, beag beann ar ghnáth-thuairim an phobail ghil, d’fhéadfaidís cuidiú leis. Bhí cúis na Meiriceánach Afracach mar chuid de “éirí amach domhanda acu siúd atá faoi leatrom ina n-aghaidh siúd a imríonn leatrom orthu”, a dúirt sé.

Ba mhinic a cháineadh Náisiún Ioslam é, agus urlabhraithe dá gcuid ag rá go raibh an bás tuillte ag Malcolm. Rinneadh bagairtí air, cuireadh buama faoina charr, agus cuireadh a theach trí thine. Frítheadh triúr ball de Náisiún Ioslam ciontach ina dhúnmharú agus, cé gur éigiontaíodh beirt acu ina dhiaidh sin, meastar go raibh baint chinnte ag baill eile leis.

Tá Malcolm X ina ábhar inspioráide fós ag Meiriceánaigh Afracacha, agus ag daoine ar fud an domhain atá ag iarraidh an fód a sheasamh in aghaidh an chiníochais. Anois agus ciníochas gan náire ag eascairt ón Teach Bán, beidh daoine de dhath ag tarraingt ar a eiseamláir arís, agus ní sna Stáit Aontaithe amháin.

Feallmharaíodh Malcolm X ar an 21 Feabhra 1965, seasca bliain go ham seo.

Is é údar Réabhlóid na Rúise Leabhar 1 (Coiscéim) é Aindrias Ó Cathasaigh. Foilseofar Leabhar 2 go luath