Cuireadh tús le Sean-Nós na Fearsaide in 2014 agus ó shin tá sé ag déanamh traidisiún amhránaíochta dúchais sean-nóis na hÉireann a cheiliúradh agus a chur chun cinn. Cinntíonn an fhéile go bhfanann an traidisiún seo beo agus folláin i mBéal Feirste agus go gcuirtear borradh úr faoi, agus an t-aos óg páirteach ann bliain i ndiaidh bliana.
Is féile thar a bheith rathúil í Sean-Nós na Fearsaide agus seoid i bhféilire féilte na cathrach a mheallann Gaeil as ceithre hairde na tíre go Béal Feirste gach bliain le taitneamh, tairbhe, agus spreagadh anama a bhaint as an cheol, an cultúr, agus an chuideachta. Agus Oireachtas na Samhna le hóstáil i gcathair Bhéal Feirste i mbliana den chéaduair ó bhí 1997 ann, tá tábhacht ar leith ag baint léi an iarraidh seo. Is ann a gheobhaidh tú blaiseadh beag de na gnéithe is lárnaí de chuid an Oireachtais féin, mar atá teanga, ceol, agus ealaíona traidisiúnta na nGael á gcothú agus á gceiliúradh ag idir óg agus aosta.

Beidh ceardlanna, comórtais idir amhránaíocht agus lúibíní, seoladh albaim, léirithe ceoil, scéalaíocht, lúibíní, agallamh beirte, agus mar bhuaicphointe na féile tá an Oíche Airneáil ann oíche Shathairn mar chuid de. Tá scoth na n-aíonna le bheith i láthair, mar atá, Gearóidín Bhreathnach, Lillis Ó Laoire, Máire Ní Choilm, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Caitlín Ní Chualáin, Orla Ní Fhinneadha, Domhnall Ó Braonáin, Tomás Ó Lúing, Naoise Mac Cathmhaoil, Rónán Ó Niadh, Clíona Ní Ghallachóir, Niamh Ní Dhubhgáin, Ray Mac Mánais, Joe Ó Dónaill, Micheál Ó Cualáin, Becky Ní Éallaithe, Cathal Ó Curráin, Cor Thaobh a’ Leithid, Frances Morton, Ceannasaí Oireachtas na Gaeilge Máirín Nic Dhonnchadha, agus bean an tí, Caoimhe ‘ceol’ Ní Chathail.
Cuirfear an fhéile ar siúl in Áras Mhic Reachtain ó Déardaoin an 27 Feabhra go dtí Dé Sathairn an 1 Márta. Tá gach eolas ar fáil ag mhicreachtain.com/sean-nós/.