Fáilte roimh fhoireann na dTaibhealaíon Teangabhunaithe!

Tá Oireachtas na Gaeilge tar éis fhoireann na dTaibhealaíon Teangabhunaithe a chruthú.  Beidh an fhoireann seo ag obair ar mhaithe leis na Taibhealaíona Teangabhunaithe a chur chun cinn go náisiúnta, i gcomhar lenár bpáirtithe leasmhara an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta agus na comórtais náisiúnta.

Beidh foireann na dtaibhealaíon teangabhunaithe ag obair le healaíontóirí, cleachtóirí, scríbhneoirí, ceoltóirí agus drámadóirí, chomh maith le bheith ag tacú le scoileanna, institiúidí oideachais, eagraíochtaí pobail agus cultúrtha, féilte agus le comhlachtaí sna réigiúin uile leis na healaíona teangabhunaithe Gaeilge a chur chun cinn!

Is iad Muireann Ní Dhroighneáin (Comhardaitheoir Taibhealaíon Náisiúnta); Máire Treasa Mhic Dhonnacha (Oifigeach Riarachán Taibhealaíon) Cathal Ó Curráin (Oifigeach Taibhealaíon Chonnacht); Máire Ní Choilm (Oifigeach Taibhealaíon Uladh); Neepa Sadhi (Oifigeach Taibhealaíon Mumhan); Bláithín Ní Chatháin (Oifigeach Tabheaolaíon Laighean) agus Máiread Ní Neachtain (Oifigeach Taibhealaíon Bhaile Átha Cliath) atá mar chuid den fhoireann.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Rannóg na dTaibhealaíon Teangabhunaithe trí ríomhphost, taibhealaion@antoireachtas.ie nó glaoch ar +353 (0) 91 572 545