Amhrán na Seachtaine: Trasna na dTonnta

(Curfá):

Trasna na dtonnta, dul siar, dul siar,
Slán leis an uaigneas is slán leis an gcian.
Geal é mo chroí agus geal í an ghrian,
Geal a bheith ag filleadh go hÉirinn!
Chonaic mo dhóthain de thíortha i gcéin,
Ór agus airgead, saibhreas an tsaoil,
Éiríonn an croí ‘nam le breacadh gach lae
is mé druidim le dúthaigh mo mhuintire!

(Curfá)

Ar mo thriall siar ó éirigh mo chroí
An aimsir go hálainn is tonnta deas réidh
Stiúradh go díreach go dúthaigh mo chliabh
Is bheidh mé in Éirinn amárach!

(Curfá)

Muintir an Iarthair ‘siad cairde mo chroí,
Fáilte is féile bheidh romham ar gach taobh.
Ar fhágaint an tsaoil seo, sé ghuím ar an Rí
Gur leosan a shínfear i gcill mé.

(Curfá)

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.